Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lárionaid na Gaeilge

Tá thart ar leathchéad lárionad Ghaeilge ar fud na hÉireann ag cur scoth na seirbhísí Gaeilge ar fáil do phobal na háite.

Is féidir an liosta thíos a scagadh de réir na háiseanna agus contaetha a bhfuil suim agat iontu.

Áras Forbairt Acla

Áras Forbairt Acla

Áras Forbairt Acla, An Crompán, Maigh Eo
Bunaíodh Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla sna 60í chun feabhas agus forbairt a dhéanamh ar saol na ndaoine sa cheantar agus sa gcaoi sin tacú leo i leith aiseanna agus chúrsaí...
Ionad Naomh Pádraig

Ionad Naomh Pádraig

Dobhar, Dún na nGall
Tá Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú anois le 12 bhliain anuas agus é ag gabháil ó neart go neart. Ón lá a osclaíodh an t-ionad i 2006, freastalaítear go dílis...
Áras na nGael

Áras na nGael

45, Sráid Dhoiminic, Gaillimh
Is lárionad Gaeilge agus cultúir é Áras na nGael atá suite i lár chathair na Gaillimhe. Bíonn ranganna Gaeilge, sean-nós, ceoil agus eile ar fáil san Áras chomh maith le...
Ionad Teampall Chróine

Ionad Teampall Chróine

An Clochán Liath, Dún na nGall
I s foirgneamh stairiúil Ionad Teampall Chróine a tógadh sa bhliain 1853 mar Eaglais Naomh Pheadair. Sa bhliain 1999 d’oscail an foirgneamh athchóirithe don phobal. Má tá tú ar lorg...
Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Ard na gCeapairí, Dún na nGall
excerpt
Páirc na Mara

Páirc na Mara

Bóthar na Glasdromann, An Dún
Cúlra Bunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i 1981. Tá sé suite i bPáirc na Mara, a bhí ina huileann cruithneachta cois farraige tráth. Rinneadh athchóiriú air agus cuireadh leis,...
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Ceann Eich, Bóthar Coireáin, Ciarraí
Bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i 1998 mar scáthghrúpa do na coistí forbartha pobail Gaeltachta in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí. Tá a n-ionad lonnaithe i gCeann Eich, lámh leis...
Ionad na Fuiseoige

Ionad na Fuiseoige

6 Bóthar Cnoc an tSamhraidh, Aontroim
Is ionad pobal, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gcroílar phobal Chill Uaighe i gceantar Coiln i mBéal Feirste. Cuireann Ionad na Fuiseoige réimse leathan seirbhísí...
Conradh na Gaeilge, Caisleán an Bharraigh

Conradh na Gaeilge, Caisleán an Bharraigh

Sráid Ellison, Maigh Eo
Chuir Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge tús le plean forbartha teanga i Maigh Eo sa bhliain 2002. Ba é bunaidhm an phlean ná tógáil agus forbairt a...
An Carn

An Carn

132A Bóthar Thír Chiana, Doire
Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair atá i bhfeighil an ionaid seo. Bunaíodh an Coiste in 1992 le hathghiniúint cheantar Charn Tóchair i gContae Dhoire a chur chun cinn. Tá...
Halla Le Chéile

Halla Le Chéile

Baile Uí Dhuinn, Ciarraí
Bunaíodh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo i 1973. Is eagraíocht forbartha í do cheantar Bhréanainn, An Clocháin agus An Bhaile Dubh, le coiste deonach agus bainisteoir lán-aimseartha. Halla le...
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge

Maigh Cuilinn, Gaillimh
Tá Teach na Gaeilge ina lárionad Gaeilge do phobal Mhaigh Cuilinn. Osclaíodh an tIonad sa bhliain 2011 nuair a tháinig baill agus cairde Chraobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge...
Ionad Teanga na Seanscoile

Ionad Teanga na Seanscoile

Comhar Dún Chaochain Teo, An tSeanscoil, Maigh Eo
Tá Comhar Dún Chaocháin Teo i bhfeighil ar Ionad Teanga na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg. Bunaíodh an comharchumann i 1995, agus tá chur chun cinn na teanga sa cheantar mar...
Áras Chonradh na Gaeilge, Dún Dealgan

Áras Chonradh na Gaeilge, Dún Dealgan

5 Plás na Trá, Lú
Bunaíodh Craobh Dhún Dealgan sa bhliain 1899 agus ceannaíodh Áras an Chonartha ag 5 Plás na Trá, Dún Dealgan sa bhliain 1919. Críochnaíodh athchóiriú iomlán ar an áras sa bhliain...
Cumann Chluain Árd

Cumann Chluain Árd

27–43 Sráid na Scéiche, Aontroim
Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéál Feirste. An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go...
An Chrannóg

An Chrannóg

Comharchumann Forbatha Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbairt phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh Coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach...
Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

Dún Mhuire, Conradh na Gaeilge

50, Sráid an Phiarsaigh, Tiobraid Árann
Is lárionad Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge é Dún Mhuire san Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le...
Glór Cheatharlach

Glór Cheatharlach

Áras na nÓg, Ceatharlach
Is eagraíocht áitiúil í Glór Cheatharlach chun an teanga a chur chun cinn anseo i mBaile Cheatharlach. Tá a lán eolais ar ár suíomh faoin obair a bhíonn ar siúl...
Oifig An Clár as Gaeilge

Oifig An Clár as Gaeilge

2 Clós na Bearaice, An Clár
Bunaíodh An Clár as Gaeilge Teo. i 2002 agus tá an-chuid oibre déanta mar chuid den togra seo ó shin i gcur chun cinn na Gaeilge in Inis agus sa...
An Droichead

An Droichead

20 Cooke Street, Aontroim
Thosaigh An Droichead amach mar Naíonra an Droichid i 1992 sular bunaíodh Scoil an Droichid i 1996. I 2001, d’éirigh leis an scoil aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais...
Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Corcaigh
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta sa bhliain 2008 agus táthar ag feidhmiú go gníomhach chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí ó shin i leith. Tá sé mar phríomhaidhm...
An tSean Bheairic

An tSean Bheairic

An tSráid Mhór, Dún na nGall
Is Ionad Turasóireachta í an tSean Bheairic, le bialann, siopa leabhar agus ceardaíochta agus ionad oidhreachta agus turasóireachta lonnaithe ann, chomh maith le hamharclann agus seomraí ilfheidhmeach. Tá seirbhís idirlín...
Gael-Ionad Mhic Goill

Gael-Ionad Mhic Goill

4 Clós na Carraige Báine, Aontroim
Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge...
Craoibhín

Craoibhín

An Tearmann, Leitir Ceannainn, Dún na nGall
Is ionad faoi úinéireacht an phobail é An Craoibhín sa Tearmann i nDún na nGall. Osclaíodh go hoifigiúil é i mí na Bealtaine 2009. Tá ionad teaghlaigh, halla spóirt, ríomhlann...
Aonach Mhacha

Aonach Mhacha

74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, Ard Mhacha
Sochfhiontair pobail atá in Aonach Mhacha a thugann le chéile roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir le chéile faoin aon díon amháin i gcroílár chathair Ard Mhacha. Chomh maith le ranganna...
Muineachán le Gaeilge

Muineachán le Gaeilge

20b Sráid na Páirce, Muineachán
Eagraíonn Muineachán le Gaeilge imeachtaí sóisialta, imeachtaí teaghlaigh, ranganna Gaeilge, campaí óige agus go leor eile nach iad sa chontae. Anuas air sin, tugann Muineachán le Gaeilge tacaíocht do ghrúpaí...
Ionad na Feamainne Chomhar Chuigéal

Ionad na Feamainne Chomhar Chuigéal

Comhar Chugéal (Leitir Mealláin) Teoranta, Gaillimh
Imeachtaí Spóirt Uisce, Ionad Oidhreachta, Caifé na Feamainne, GTeic, Folcadáin Feamainne, Bealach Siúlóide Leitir Mealláin, Páirc Spraoi, Seomra Sláinte & Folláine. Uaireanta Oscailte Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.
Ionad Uíbh Eachach

Ionad Uíbh Eachach

34A Corrán Uíbh Eachach, Aontroim
Is ionad teaghlaigh Gaeilge é Ionad Uíbh Eachach suite i gceantar na bhFál i mBéal Feirste. Bunaíodh é i 1990 i seanionad pobail Uíbh Eachach agus tá fás tar éis...
Ionad an Chrois Bhealaigh

Ionad an Chrois Bhealaigh

CFFAM Árainn Mhór, Fál an Ghabhainn, Dún na nGall
Bunaíodh Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir in Ionad Pobail Árainn Mhóir sa bhliain 2001 agus an phríomhaidhm atá aige ná forbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta an Oileáin. Cuirtear áiseanna...
Áislann Chill Chartha

Áislann Chill Chartha

An tSráid Mhór Íochtarach, Dún na nGall
Bunaíodh an t-ionad pobail Áislann Chill Chartha i 1992. Tá sé mar sprioc ag an ionad áiseanna oideachais, traenála agus siamsaíochta a chur ar fáil do phobal Chill Chartha, i dteannta...
Áras Ros Goill

Áras Ros Goill

Céim Aniar Teo, Dún na nGall
Cuireadh Céim Aniar ar bun sa bhliain 2001. Is é an sprioc a bhí agus atá ag Céim Aniar ná an Ghaeilge a tharrtháil agus a chothú i gceantar Ros...
Áras Pobail Ráth Chairn

Áras Pobail Ráth Chairn

Ráth Chairn, An Mhí
Is ceanncheathrú de Chomharchumann Ráth Chairn é Áras Pobail Ráth Chairn. Eagraítear imeachtaí sóisialta, seisiúin cheoil, Siamsóir na Mí, Éigse Dharach Uí Chatháin, Féile na Mí agus tacaíonn muid le...
Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail, An Dún
Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013, i gcomhpháirtíocht le Comhairle an Iúir & Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge agus Comhaltas Uladh....
Café Aon Scéal

Café Aon Scéal

518 an tSráid Mhór, Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Osclaíodh an ‘Café Aon Scéal?’ i mí na Samhna, 2019 mar chuid den lárionad Gaeilge Thamhlachta. Bíonn an caifé ‘Aon Scéal’ ar oscailt gach lá den tseachtain. Bricfeasta ar fáil...
Comhar Caomhán Teo

Comhar Caomhán Teo

Inis Oirr, Gaillimh
Is Comharchumann Gaeltachta é Comhar Caomhán Teo a bunaíodh i 1971.
Áras Mhic Reachtain

Áras Mhic Reachtain

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Aontroim
Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha,...
Ceanncheathrú Muintearas

Ceanncheathrú Muintearas

Tír an Fhia, Gaillimh
Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais,...
Uimhir 6, Conradh na Gaeilge

Uimhir 6, Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
Tógadh an teach sna 1790í, ‘s bhí baint ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann leis thar na blianta, amhail Cairdinéal John Newman agus Mícheál Ó...
Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh

Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh

Baile Mhúirne, Corcaigh
Tá Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh lonnaithe i mBaile Mhúirne ó na 80aidí agus chomh maith le clár imeachtaí ealaíne a chur ar siúl, reachtáileann an tIonad ranganna ceoil/ealaíne...
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Áras Bhréanainn, Ciarraí
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Is iad na Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí na príomhimeachtaí a...
Cultúrlann Uí Chanáin

Cultúrlann Uí Chanáin

37 Mórshráid Shéamais, Doire
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur...
Raidió Fáilte

Raidió Fáilte

30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, Aontroim
Is stáisiún pobail é Raidió Fáilte107.1fm atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bíonn sé ag craoladh 24 uair a chloig in aghaidh an lae i gceantar Bhéal Feirste ag minicíocht 107.1fm...
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

216 Bóthar na bhFal, Aontroim
Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú...
Áislann Rann na Feirste

Áislann Rann na Feirste

Rann na Feirste, Dún na nGall
Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi...
Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Áras Chrónáin, Ionad Cultúir

Lána an Uisce, Baile Átha Cliath
Is é Áras Chrónáin ionad cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre....
Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

15F Bóthar Lann Ábhaigh, Aontroim
Is eagraíocht neamhchreidmheach é Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach a bunaíodh in 2002 chun oideachas a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Ar...
Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar

Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar

Páirc na Mara, Bóthar na Glasdromann, An Dún
Tá Conradh na Gaeilge Boiche Íochtar - Lower Mourne Gaelic League a thugtaí air - suite sa teach cloiche Páirc na Mara in Áth na Long, Contae an Dúin. Is...
Halla Íde

Halla Íde

18 Sráid Thomáis, Luimneach
Tá lárionad ag Conradh na Gaeilge i Luimneach agus é suite i lár na cathrach ag Halla Íde, 18 Sráid Thomáis. Tá Naíonra Ríocht na Sí ann chomh maith le...
Ionad Fiontair Cholm Ó hIarnáin

Ionad Fiontair Cholm Ó hIarnáin

Cill Rónáin, Gaillimh
Tá Comharchumann Forbartha Árann ag obair ar son an phobail le blianta fada anois. Bunaíodh an Comharchumann sa bhliain 1992, agus osclaíodh na hoifigí nua in Ionad Fiontair Cholm Ó...
Oideas Gael

Oideas Gael

Gleann Cholm Cille, Dún na nGall
Bunaíodh Oideas Gael i 1984 agus tá na céadta duine, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, ag teacht go Gleann Cholm Cille ó shin le freastal ar a gcuid cúrsaí Gaeilge agus...
Á Luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta