Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Polasaí Príobháideachais

Tuigeann Foireann Scéal.ie an tábhacht a bhaineann le príobháideachas agus slándáil faisnéise agus leis na hathruithe a bhfuil le teacht i bhfeidhm leis an RGCS (GDPR) ar 25 Bealtaine 2018. Gníomhóidh Foireann Scéal.ie air sin chomh fada agus is féidir chun iad a chosaint. Geallaimid nach gcuirfimid do chuid faisnéise ar fáil do aon duine ná d’aon eagraíocht eile.

Bailítear eolas i bhfoirm fianán ar mhaithe le feidhmiú an tsuímh; le heolas faoi imeachtaí agus eile a bhailiú agus a scaipeadh i measc an phobail. Coimeádtar slán aon fhaisnéis phearsanta a thugann tusa (ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, nó uimhir theileafóin, seoladh IP) ar chóras ríomhaireachta a chosnaíonn é ar aon rochtain neamhúdaraithe nó ar chaillteanas. Réamhfhógrófar aon athrú atá le teacht i bhfeidhm ar an bpolasaí seo.

Aithnítear go soiléir aon naisc sheachtracha le suíomh gréasáin eile mar naisc sheachtracha, agus nílimid freagrach ó thaobh ábhair nó polasaithe príobháideachais na suíomhanna gréasáin sin. Nuair a nascaimid le suíomh gréasáin eile ní chiallaíonn seo go bhfuil Scéal.ie ag formhuiniú na suíomhanna gréasáin seo.

Más spéis leat ag am ar bith díchlárú ónár nuachtlitir laethúil nó eolas a bhaineann leat atá le feiceáil ar an suíomh mar chuid d’imeachtaí, is féidir ríomhphost a sheoladh go sceal@cnag.ie

Tá an polasaí seo agus gach cúram a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo faoi rialú ag dlí na hÉireann agus dlí na hEorpa agus tá siad faoi réir ag dlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta