Áislann Rann na Feirste
Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi gach gné d’fhorbairt phobail ar bhonn leanúnach.
I measc na n-áiseanna, tá naíonra, club óige, club sinsear, club obair bhaile, leabharlann taighde gaeilge, halla spóirt, cistin, seomraí ilfheidhmeacha, gairdín pobail agus seirbhísí aistriúcháin, ceartúcháin agus fótachóipeáil.
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. – 5:30i.n
Suíomh
Rann na Feirste, Anagaire, F94 TV76, Leitir Ceanainn, Éire+353 749 562 222
aislannrnaf@gmail.com
https://aislannrnf.com
