Comharchumann Forbartha Mhúscraí
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta sa bhliain 2008 agus táthar ag feidhmiú go gníomhach chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí ó shin i leith.
Tá sé mar phríomhaidhm ag an gComharchumann seirbhís forbartha pobail a sholáthar don phobal trí chéile chun leasa an cheantair áitiúil, le buanú agus caomhnú na Gaeilge, agus cur chun cinn an traidisiúin i gcroílár a chuid oibre.
Tugtar cúnamh agus tacaíocht i dtaobh na Gaeilge go háirithe, ach chomh maith leis sin tugtar cúnamh i dtaobh eolais agus rochtain ar fhoinsí maoinithe, cúrsaí oiliúna, cúnamh le foirmeacha iarratais, bolscaireacht, srl.
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. – 5:30i.n.
Suíomh
Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh, P12 PX22, Éire+353 83 191 5432
eolas@muscrai.org
http://muscrai.org/
