Uimhir 6, Conradh na Gaeilge
Tógadh an teach sna 1790í, ‘s bhí baint ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann leis thar na blianta, amhail Cairdinéal John Newman agus Mícheál Ó Coileáin.
Anois, tá Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge lonnaithe san ionad, chomh maith le hoifigí Oireachtas na Gaeilge agus Ógras.
Tá réimse leathan de sheirbhísí ar fáil san ionad: An Siopa Leabhar, Club Chonradh na Gaeilge, ranganna Gaeilge, stiúideo Raidió Rí-Rá agus go leor eile.
Mar eolas, níl Uimhir 6 ar oscailt faoi láthair toisc go bhfuil tús curtha ar athfhorbairt an tsuímh – ach beidh sé ar ais sula i bhfad. Tuilleadh eolais anseo.
