Faoi Scéal.ie
Cad é Scéal
Foilsítear ar Scéal.ie eolas faoi scéalta nuachta an lae, imeachtaí áitiúla le Gaeilge, folúntais reatha le Gaeilge, gnólachtaí le seirbhísí trí Ghaeilge, lárionaid chultúrtha, ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá agus go leor ábhair eile ina mbeadh suim ann ag pobal na Gaeilge.
Seolaimid nuachtlitir laethúil gach lá sa tseachtain ar ríomhphost agus ar WhatsApp, áis ina bhfaighfeá achoimre ar nuacht an lae agus eolas faoi imeachtaí atá ag teacht, folúntais atá ar fáil agus níos mó.
Roinnimid míreanna ó Scéal.ie ar ár meáin shóisialta gach lá.
Ag lorg leagan do shloinne as Gaeilge, nó aistriúchán ar fhocal? Is féidir an t-eolas seo a aimsiú go díreach ar Scéal.ie. Tá ár leathanach ar shloinnte ar cheann de na cinn is mó tóir ar ár suíomh.
Ár scéal
Seoladh ár suíomh Scéal.ie ag Oireachtas na Samhna 2025, mar leagan athnuaite ar an suíomh PEIG.ie, a bhí ann ó 2014.
Ar nós PEIG.ie, leanann Scéal.ie ar aghaidh mar lárphointe eolais na Gaeilge, ag bailiú agus ag roinnt na scéalta is mó as Gaeilge libh maidir le himeachtaí, folúntais, nuacht agus níos mó.
Is Conradh na Gaeilge atá freagrach as feidhmiú an tsuímh, le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge.
Ár bpobal
Is é ár sprioc go mbainfidh duine ar bith a bhfuil suim acu sa Ghaeilge taitneamh agus leas as ár suíomh.
Cainteoirí, foghlaimeoirí, tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí, mic léinn, líonraí Gaeilge, eagraíochtaí, gnóthaí, foirne na pleanála teanga, daoine lonnaithe in Éirinn agus thar lear – táimid ag iarraidh freastal chomh maith agus is féidir linn orthu uilig.
Staitisticí Suntasacha
-
50+lárionad cultúrtha cláraithe inár n-eolaire ionaid
-
290+ciorcal comhrá cláraithe
-
500+folúntas á fhógairt gach bliain
-
450+gnó le Gaeilge cláraithe inár n-eolaire gnó
-
800+imeacht nua á fhoilsiú gach bliain
-
1500+scéal nuachta á roinnt gach bliain
-
3000+faighteoir ar ár nuachtlitreacha
-
100+mír inár gcnuasach eolais
-
420+míle amas ar ár suíomh gréasáin gach bliain