An Chrannóg
D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbairt phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh Coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach agus b’as an choiste sin a d’fhás an Comharchumann.
Ceannaíodh an tsean Cheardscoil i 1989 ó Choiste Ghairmoideachas Chontae Dhún na nGall le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta. Rinneadh athchóiriú le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus clár Intereg. Tháinig an Comharchumann isteach san Ionad i 1992. Tá forbairt déanta ar an ionad ó shin mar Ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair.
Tá na háiseanna seo ar fáil: Scoil Cheoil na Crannóige, Siopa Seoda na Gaeltachta, Naíonra na Crannóige, Cnuasach Bhéaloideas Ghaoth Dobhair, An Teach Glas – Gairdín Pobail, Aonaid oifige ar cíos, Seomra Staidéir agus Seirbhísí cóipeála/priontála poiblí.
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine: 9r.n. – 5i.n.
Suíomh
Comharchumann Forbatha Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Gaoth Dobhair, F92 EYT3, Éire+353 749 532 209
cfgd@crannog.ie
http://crannog.ie/