Amharclann Ghaoth Dobhair
Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair.
Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach seo.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine, 11:00r.n. – 5:00i.n.
Suíomh
Ard na gCeapairí, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Éire+353 749 531 612
amharclann1961@gmail.com
https://amharclann.com/
