Conradh na Gaeilge, Caisleán an Bharraigh
Chuir Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge tús le plean forbartha teanga i Maigh Eo sa bhliain 2002.
Ba é bunaidhm an phlean ná tógáil agus forbairt a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar an ghréasán teanga sa chontae. Go luath in 2002 bhunaigh an coiste Togra Mhaigh Eo. Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge daoine a fhostú le tabhairt faoin obair seo go lánaimseartha.
Cuireann Togra Mhaigh Eo réimse cuimsitheach de sheirbhísí ar fáil do phobal Mhaigh Eo, ar nós campaí samhraidh, ranganna, drámaíocht agus cúrsa dioplóma. Spreagann Togra Mhaigh Eo grúpaí eile chun gnímh ar son na teanga.
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. – 5:00i.n
Suíomh
Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Éire+353 949 022 444
eolas@conradhmhaigheo.ie
https://conradhmhaigheo.ie/
