Ionad Naomh Pádraig
Osclaíodh an t-ionad acmhainní pobail nua seo i nDobhar i 2006, agus i 2011, osclaíodh Céim 2 d’Ionad Naomh Pádraig go hoifigiúil.
Cuireann muid réimhse leathan seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, príomhtheanga an phobail, agus tugann comhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí, a bhfuil pleanáil agus forbairt na Gaeilge, cúram sláinte agus sóisialta, oideachas, fiontraíocht agus forbairt phobail mar thosaíochtaí agus mar chuspóirí acu tacaíocht dúinn.
Tá ár seirbhísí dírithe ar leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, grúpaí teaghlaigh, seanóirí agus grúpaí eile a bhfuil muid ábalta a gcuid riachtanas a aithint agus cuidiú leo iad a réiteach.
Uaireanta Oscailte:
Luan go Déardaoin, 9.00r.n. – 9.00i.n.
Aoine, 9.00r.n. – 6.00i.n.
Dé Satharn, 9.00r.n. – 2.00i.n.
Suíomh
Dobhar, An Bun Beag, F92 EH6N, Éire+353 749 532 949
ionadnp@gmail.com
http://www.ionadnp.ie/
