Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge).
Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Uaireanta Oscailte
Luan go Déardaoin, 9:00r.n. – 6:00i.n.
Aoine agus Sathairn, 9:00r.n. – 9i.n.
Domhnach, 11:00r.n. – 4:00i.n
Suíomh
216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH, Tuaisceart na hÉireann+44 289 096 418 2
oifigfailte@culturlann.ie
https://www.culturlann.ie/ga
