Ardoifigeach Feidhmiúcháin atá Líofa sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Tá daoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an díograis chuí acu chun glacadh le ról an Ardoifigigh Feidhmiúcháin (AOF) atá Líofa sa Ghaeilge á lorg ag an Státseirbhís anois. Thabharfadh an ról deis iontach do dhaoine cumasacha, díograiseacha, ar mhaith leo dul i ngleic le dúshláin nua, obair fhiúntach a dhéanamh agus difríocht a dhéanamh ar mhaithe le leas Stát agus mhuintir na hÉireann.
Meánbhainisteoirí a bhfuil taithí acu is ea AOFanna agus tá ról lárnach acu maidir le foirne a threorú, soláthar a bhainistiú agus tacú le tosaíochtaí roinne agus trasrialtais agus bíonn siad in ann tabhairt faoi na dualgais ar fad a thugtar dóibh trí mheán na Gaeilge. Agus iad ag obair faoi Phríomhoifigeach Cúnta, bíonn ról tábhachtach ag AOFanna maidir le polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm agus maidir le seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil don Stát agus do mhuintir na hÉireann.
Tá folúntais i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair.
Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a cheapfar:
- Ardleibhéal líofachta sa Ghaeilge, ag leibhéal B2, ar a laghad.
- Taithí ábhartha trí bliana, ar a laghad, ar bhainistíocht.
- Tá na bunriachtanais eile leagtha amach sa Leabhrán Eolais faoin Ról.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar: https://bit.ly/SCE_Ad_HEOGAE
Is é 3i.n. Déardaoin an 17 Meán Fómhair 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.
Tá muid tiomanta do chomhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.


