Seo leideanna luachmhara agus tú ag lorg poist le Gaeilge.

Na cúig leid #
1. Cuir isteach do CV as Gaeilge
Ná cuir CV as Béarla chuig fostóir Gaeilge ̶ tá an-seans ann go gcuirfear sa bhruscar é. Tá fostóirí ag lorg bealaí tapúla le hiarrthóirí a chur as an áireamh; déanann CV as Béarla seo an-éasca dóibh.
Bí cinnte go bhfuil do litir chlúdaigh agus do ríomhphost as Gaeilge chomh maith.
Is deis iontach é do CV do chuid scileanna scríbhneoireachta as Gaeilge a thaispeáint.
Uaireanta, bíonn comhlachtaí nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga chumarsáide acu ag lorg duine le Gaeilge. Sa chás seo, is smaoineamh maith é dhá CV difriúil a chur isteach sa dá theanga.
2. Iarr ar dhuine eagarthóireacht a dhéanamh ar d’iarratas
Má dhéanann tú botún gramadaí le linn agallaimh, is botún é. Má dhéanann tú botún gramadaí i do CV, is leisciúlacht é. Faigh duine le Gaeilge chruinn le breathnú air. Seans go mbeidh ort íoc as, ach is fiú é.
Má tá tú fós ar an ollscoil, iarr ar chabhair ó na teagascóirí, nó d’fhéadfá ceist a chur ar an gCumann Gaelach san ollscoil chomh maith. Mura bhfuil tú san ollscoil, d’fhéadfá dul i dteagmháil le comhlacht aistriúcháin ar nós snasta.ie nó Dréimire.
3. Glac páirt i saol na Gaeilge
Má tá tú páirteach i saol na Gaeilge go deonach, beidh sé soiléir d’fhostóirí go bhfuil spéis phearsanta agat sa teanga. Tá an spéis seo tábhachtach do phoist i gcur chun cinn na Gaeilge ach go háirithe.
Má tá grúpa cairde agat a labhraíonn Gaeilge, seans maith go gcloisfidh tú go sóisialta faoi phoist atá ar fáil. Seans go mbuailfidh tú le duine atá ag fágáil poist gur féidir leat cur isteach air, mar shampla.
Má ghlacann tú páirt i bhfeachtais Ghaeilge, beidh ábhar cainte agat d’aon agallamh poist. In an-chuid agallamh, iarrtar ort labhairt faoi am a raibh ort deacracht a shárú ag an obair nó faoi am gur oibrigh tú go héifeachtach ar fhoireann.
Tá níos mó eolais faoi fheachtais reatha na Gaeilge ar fáil ag cnag.ie.
4. Oibrigh leis na coláistí samhraidh
Is deis iontach iad na coláistí samhraidh do dhaoine óga, ní hamháin chun airgead a thuilleamh agus a gcuid Gaeilge a fheabhsú, ach chun cairde a labhraíonn Gaeilge a dhéanamh. Fanann an-chuid Ard-Chinnirí i dteagmháil tar éis dheireadh a gcúrsaí. Bíonn siad in ann comhairle a roinnt agus cabhrú lena chéile agus iad ag lorg poist tar éis na hollscoile.
5. Coinnigh súil amach ar líne
Cuirtear folúntais na Gaeilge ar fad ar fáil in aon áit amháin ar ár leathanach folúntais. Fógraítear poist trí Ghaeilge nó poist ina bhfuil an Ghaeilge mar bhuntáiste acu. Déantar uasdátú ar an leathanach gach lá le cinntiú go bhfuil na folúntais is déanaí le feiceáil.
Más maith leat na poist seo a aimsiú duit féin, bealach amháin le teacht orthu ná chuardach a dhéanamh ar ‘irish language’ nó ‘gaeilge’ ar shuímh poist ar nós irishjobs.ie, jobbio.ie agus indeed.ie.
Eolas sa bhreis #
- BILEOG EOLAIS: Poist fhéideartha le Gaeilge
- Cé hiad na príomhfhostóirí do phoist le Gaeilge
- Ullmhaigh leagan Gaeilge do do CV
- Conas cruthú go maith in agallamh do phost