Síceolaíocht trí mheán na Gaeilge
Obair pháirt-aimseartha ar fáil (2 uair sa tseachtain) in Insititiúid Oideachais Marino.
Síceolaíocht trí mheán na Gaeilge ar Mháistreacht Gairmiúil san Oideachas.
Le tosú láithreach.
Ba mhian linn cloisteáil ó dhuine oiriúnach a bhfuil Máistreacht acu sa tSíceolaíocht agus caighdeán maith Gaeilge acu. Bheadh ort léacht dhá uair an chloig a thabhairt lá amháin sa tseachtain do mhic léinn atá ag tabhairt faoin mbunmhúinteoireacht. Tabharfar go leor tacaíochta maidir le léachtaí a scríobh agus a aistriú. Bheadh léachtóir atá ag tabhairt na léachtaí céanna trí mheán an Bhéarla ag obair leat freisin.
Seol ríomhphost le do CV cuig careers@mie.ie agus donncha.ocorcorain@mie.ie a luaithe agus is féidir.
Tuilleadh eolais anseo.











