Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Job Category: Earnáil Phoiblí

Síceolaíocht trí mheán na Gaeilge

Obair pháirt-aimseartha ar fáil (2 uair sa tseachtain) in Insititiúid Oideachais Marino.

Síceolaíocht trí mheán na Gaeilge ar Mháistreacht Gairmiúil san Oideachas.

Le tosú láithreach.

Ba mhian linn cloisteáil ó dhuine oiriúnach a bhfuil Máistreacht acu sa tSíceolaíocht agus caighdeán maith Gaeilge acu. Bheadh ort léacht dhá uair an chloig a thabhairt lá amháin sa tseachtain do mhic léinn atá ag tabhairt faoin mbunmhúinteoireacht. Tabharfar go leor tacaíochta maidir le léachtaí a scríobh agus a aistriú. Bheadh léachtóir atá ag tabhairt na léachtaí céanna trí mheán an Bhéarla ag obair leat freisin.

Seol ríomhphost le do CV cuig careers@mie.ie agus donncha.ocorcorain@mie.ie a luaithe agus is féidir.

Tuilleadh eolais anseo.

Ionadaí i Reigiún Ciarraí

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Ionadaí i Reigiún Chiarraí.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a 5 i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: sinead@cnng.ie.

Tuilleadh anseo.

Múinteoirí Luathbhlianta in Oirthear na Gaillimhe

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra an Chairn Mhóir, Naíonra Chlúidín na mBabaí – Baile Chláir, agus Naíonra Mhic Amhlaigh – Cnoc na Cathrach.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG.

Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Tuilleadh anseo.

Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Lios Póil

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Lios Póil, Garraí na dTor, Lios Póil, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 Y83K

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine ar chonradh téarma bliain amháin. Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: foluntas@cnng.ie, roimh an 18/09/2026.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Tuilleadh anseo.

Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn, Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe H91DHW0. Is tréimhse sealadach atá i gceist

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine, sa Naíonra agus san Iar-Naíonra. Bé an té a cheapfar ag obair ón tréimhse: 17/08/2026 go 22/12/2026.

​Ráta Pá €16.50 – €18.00 in aghaidh na huaire ag brath ar cáilíochtaí.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG, roimh an 18/09/2026.

Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Tuilleadh anseo.

Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Bhaile Ghib

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Bhaile Ghib, Halla Pobail Bhaile Ghib, An Uaimh, Co. na Mí.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091-595337.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 18/09/2026. Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

Tuilleadh anseo.

Maor Iarscoile in Iarscoil an Aingil Choimhéadaí – Céideadh

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhaor Iarscoile in Iarscoil an Aingil Choimhéadaí, Céideadh, Ailt an Chorráin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F94W084.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí idir cúig bliana agus dá bhliain déag d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 04/09/2026. Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Tuilleadh anseo.

Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Bhaile na Finne

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Bhaile na Finne, Ionad Cholm Cille, Baile na Finne, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F94C951.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine ar chonradh téarma bliain amháin. Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: suzanne@cnng.ie, roimh an 15/09/2026.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Tuilleadh anseo.

Speisialtóir Luathbhlianta le Gaeilge

Riachtanais don ról

Riachtanas 1 don Ról

Cur chun Cinn na Gaeilge

  • Caidreamh láidir comhoibritheach oibre a chruthú agus a chothú le Speisialtóirí Luathbhlianta Sheirbhís um Fhorbairt Cáilíochta Thús Níos Fearr agus le hOifigigh Forbartha na gCoistí Contae agus Cathrach um Chúram Leanaí ar mhaithe le tacaíochtaí don Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú leis an rannpháirtíocht le seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile a oibríonn trí mheán na Gaeilge ó thaobh an tumoideachais de.
  • Oibriú go díreach le hAonad Foghlama agus Forbartha Thús Níos Fearr ar fhorbairt acmhainní agus ábhar don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach agus ar sholáthar Forbairt Ghairmiúil Leanúnach sioncrónach agus aisioncrónach trí Ghaeilge.
  • Cinntiú go gcuirtear oiliúint agus acmhainní Córas Bainistíochta Foghlama ar fáil go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla
  • Dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí tacaíochta ar mhaithe le tacú le forbairt acmhainní do sholáthar na gcreataí náisiúnta Síolta agus Aistear trí Ghaeilge
  • Oibriú le grúpaí oibre inmheánacha agus seachtracha chun cinntiú go mbíonn acmhainní/ábhar a fhorbraítear ar fáil i nGaeilge
  • Comhfhreagras ábhartha chuig an ról ó eagraíochtaí Gaeilge a láimhseáil mar is gá ó thús go deireadh.

Riachtanas 2 an Róil

Ag Tacú le Cáilíocht

  • Déileáil le seirbhísí tacaíochta an Stáit ag áireamh Cigireacht Tusla, Cigireacht na Roinne Oideachais, Seirbhís um Fhorbairt Cáilíochta Thús Níos Fearr, Aonad Foghlama agus Forbartha Thús Níos Fearr, an Múnla um Rochtain agus Cuimsiú agus dreamanna eile mar is cuí chun tairiscintí tacaíochta d’ionaid tumthacha Luathfhoghlama agus Cúram agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile a thuiscint agus a fhorbairt (ag tagairt do chainteoirí Gaeilge L1).
  • Tacú le pobail chleachtais CCCanna/EDCLanna ag leibhéal réigiúnach/áitiúil chun tacú le meantóireacht/comhairle do sheirbhísí Luathfhoghlama agus Cúram agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile ó thaobh an tumoideachais de, ag áireamh seirbhísí atá ag féachaint lena soláthar trí Ghaeilge a láidriú
  • Tacú le forbairt acmhainní agus uirlisí d’ardchaighdeán chun tacú leis an nGaeilge i seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúram agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile.

Riachtanas 3 an Róil

Eolas & Riarachán

  • Taifid a bhaineann leis an ról a chomhlánú agus a choinneáil
  • Cinntiú go gcoinnítear cúltaca an riarachán uilig mar aon leis an tacaíocht dul chun cinn uasdátaithe trí gach córas ábhartha a chothabháil
  • Nuashonrúcháin tréimhsiúla ar an dul chun cinn a chur ar fáil don Cheannaire Foirne agus don RLCMLÓ, comhordaitheoir tacaíochtaí Gaeilge
  • Córais éifeachtacha agus éifeachtúla riaracháin agus eolais a athbhreithniú, a mhonatóiriú agus a choinneáil
  • Páirt a ghlacadh agus cúnamh a thabhairt le heagrú imeachtaí speisialta, cuairteanna agus aon ghníomhaíochtaí riachtanacha eile
  • Páirt a ghlacadh i meastóireacht sheachtrach na seirbhíse.

Riachtanas 4 an Róil

Líonrú

  • Páirt ghníomhach a ghlacadh agus cúnamh a thabhairt mar bhall foirne de Sheirbhís Náisiúnta um Fhorbairt Cáilíochta na Luathbhlianta Thús Níos Fearr
  • Comhoibriú le seirbhísí tacaíochta eile laistigh den earnáil oideachais, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach – Tusla, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Coiste áitiúil
  • Contae agus Cathrach um Chúram Leanaí, Eagraíochtaí Deonacha Cúram Leanaí agus an earnáil pobail agus deonach atá ábhartha don ról
  • Teagmháil a bhunú le heagraíochtaí Luathbhlianta ar nós Altram, Gaeloideachas agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus idirghníomhú le heagraíochtaí Gaeilge ar nós Conradh na Gaeilge,
  • Foras na Gaeilge agus dreamanna eile mar is gá
  • Aon dualgas eile laistigh de riachtanais ghinearálta an róil a d’fhéadfaí sannadh don fhostaí ag teacht leis an ngrád.

Taithí Riachtanach

  • Taithí iarcháilíochta 3 bliana ar a laghad ag obair i seirbhísí luathbhlianta, b’fhearr ról maoirseachta nó ceannaireachta
  • Líofa sa nGaeilge scríofa agus labhartha. Ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha (Leibhéal B2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR), m.sh. Teastas Eorpach na Gaeilge ag Leibhéal B2 le tuillteanas ar a laghad, nó B.A. Céim Onóracha i nGaeilge) nó caighdeán comhionann
  • Taithí maidir le cláir oideachais agus oiliúna a sholáthar do dhaoine fásta agus ábhar oiliúna i nGaeilge a fhorbairt
  • Taithí ábhartha agus suntasach in earnáil Ghaeilge na Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile nó i seirbhísí tacaíochta don earnáil
  • A bheith in ann tuiscint shuntasach, domhain a léiriú ar an luathfhoghlaim agus cúram
  • Tuiscint ar leith ar aidhmeanna, cur chuige, riachtanais agus dúshláin fhorbartha earnáil Ghaeilge na Luathfhoghlama agus Cúraim agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile agus ar chainteoirí Gaeilge L1 (Gaeilge a gcéad teanga) agus L2 (Gaeilge a ndara teanga)
  • Scileanna láidre eagrúcháin agus taithí ar bhainistiú tionscadal agus pleanála
  • Fianaise ar chaidreamh dearfach, tairbheach agus comhairliúcháin a spreagadh le raon éagsúil páirtithe leasmhara, agus ar iad a spreagadh agus a chothú
  • A bheith cumasach ag úsáid pacáistí MS m.sh. Word, Excel, Outlook, agus
  • Bunachair sonraí clár, tairseacha SharePoint.

Cáilíochtaí

  • Cáilíocht tríú leibhéal ar a laghad ag Leibhéal 8 (nó a chomhionann) ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí in Oideachas agus i gCúram na Luath-Óige / nó cáilíocht ghairmiúil chomhionann san
  • Oideachas Speisialta / Míchumas / Luath-Idirghabháil.
  • Ceadúnas Tiomána le modh oiriúnach iompair.

Tuarastal

Tabhair faoi deara, le do thoil: tosóidh iarrthóirí a cheapfar sa ról seo ag Pointe 1 den scála tuarastail.

Téigh i dteagmháil le sclare@pobal.ie

Cuntasóir

Tá Glór na nGael ag lorg Cuntasóir cáilithe chun tacú le bainistiú airgeadais agus riarachán na heagraíochta. Is post lánaimseartha é seo ar chonradh dhá bhliain, le tuarastal idir €55,949 agus €79,037.

Cliceáil thíos leis an sainchuntas poist iomlán agus sonraí iarratais a léamh

https://www.glornangael.ie/foluntais/

Seol CV agus litir chumhdaigh chuig post@glornangael.ie roimh meán lae, 18.09.2026

Éascaitheoirí Drámaíochta

An bhfuil taithí drámaíochta agat? Ar mhaith leat cabhrú an drámaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn in iar-bhunscoileanna?

Táimid ag glacadh le léiriú spéise ó éascaitheoirí drámaíochta le ceardlanna a reáchtáil le múinteoirí in iar-bhunscoileanna na tíre!

Seol CV cothrom le dáta agus ráiteas gairid (300 focal ar a mhéad) chugainn roimh an spriocdháta ar an 25 Meán Fómhair!

Comhordaitheoir Pleanála Teanga

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan),Tagairt: OFPT/0726

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Béal Feirste.

Is é an raon tuarastail don phost ná: £37,694-£38,990 (Grád: Oifigeach Foirne)

D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.

FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS
Íoslódáil díreach ó: http://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/

TUILLEADH EOLAIS:
T: (00353) (01) 639 8412
R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA:
Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X2

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, na ceapacháin seo a leanas a dhéanamh.

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X2, Tagairt: AOFPT/0626

Beidh ról amháin lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath agus an ról eile in oifigí Fhoras na Gaeilge, Gaoth Dobhair.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €57,173- €72,829 (Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin)

D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear na poist a thairiscint ag bun an scála.

FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS
Íoslódáil díreach ó: http://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/

TUILLEADH EOLAIS:
T: (00353) (01) 639 8412
R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA:
Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026

Oibrí Iarscoile in Iarscoil Cholmcille

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Iarscoile in Iarscoil Cholmcille, An Tulach, Baile na hAbhainn, Co. na Gaillimhe.

Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.

Is post páirtaimseartha é seo, le uaireanta/laethanta solúbtha.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Painéal ionadaithe Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

Tá réimse leathan de sheirbhísí á soláthar ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta idir Naíonraí, Naíolanna, Cúram Iarscoile & Clubanna Bricfeasta. Táthar ag lorg iarratais chun dul ar phainéal ionadaithe i ngach réimse oibre de sheirbhísí luathbhlianta sna réigiúin Ghaeltachta ar fad Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu. Má tá cáilíochtaí ábhartha agat i réimse na luathbhlianta agus má tá suim agat a bheith san áireamh ar an bpainéal, seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí ar ríomhphost chuig na seoltaí thíos agus is féidir níos mó eolas a fháil ag na uimhreacha seo:

Gaillimh: mairin@cnng.ie nó noreen@cnng.ie / 091-595337

Maigh Eo: melissa@cnng.ie

An Tuaisceart: suzanne@cnng.ie nó grace@cnng.ie / 074-9560296

An Deisceart: joanne@cnng.ie nó sinead@cnng.ie / 026-45954

An Mhí: ciara@cnng.ie

Íocfar ráta tarraingteach le hionadaithe.

Ionadaí i Reigiún Chiarraí

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Ionadaí i Reigiún Chiarraí.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a 5 i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: sinead@cnng.ie.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta