Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
View Categories

Cé hiad na príomhfhostóirí do phoist le Gaeilge

3 nóiméad ar fad

Caith súil ar na fostóirí is mó a bhíonn ag lorg daoine le Gaeilge. Téigh i dteagmháil leo maidir le phoist nó deiseanna taithí oibre.

Cé hiad na príomhfhostóirí do phoist le Gaeilge

Poist fhéideartha le Gaeilge #

Tá bileog eolais ar fáil ar phoist fhéideartha le Gaeilge agus sampla de na comhlachtaí agus eagraíochtaí mór i ngach earnáil. Cuirtear leis an liosta sin san alt seo, ionas gur féidir aithne a chur ar na fostóirí móra agus teagmháil a dhéanamh leo maidir le folúntais, nó taithí oibre nó pé rud ábhartha.

An Státseirbhís & Eagraíochtaí Stáit #

Is í an Státseirbhís an fostóir is mó in Éirinn. Faoi réir an dlí tá sé de dhualgas uirthi daoine le Gaeilge a earcú le seirbhísí stáit a chur ar fáil do chainteoirí na teanga. Fógraítear na poist sa státseirbhís uilig ar publicjobs.ie, áit inar féidir eolas agus sonraí faoi fholúntais dá gcuid a fháil as Gaeilge. Caith súil ar na folúntais atá acu, agus bí cinnte go luann tú do líofacht sa Ghaeilge ar d’iarratas.

Údarás na Gaeltachta

Údarás na Gaeltachta ar an bhfód ó 1980 agus tá sé mar sprioc acu ceantair Ghaeltachta a fhorbairt agus níos mó deiseanna fostaíochta a chruthú sna ceantair Ghaeltachta. Bíonn siad ag lorg oifigigh agus bainisteoirí i rannóga éagsúla agus bíonn scéimeanna fostaíochta ar siúl acu i rith na bliana.

Ceanneagraíochtaí na Gaeilge

Dar ndóigh, bíonn folúntais éagsúla á bhfógairt ag Foras na Gaeilge agus ag na sé cheanneagraíocht a fhaigheann maoiniú ón bhForas – Gael Linn, Conradh na Gaeilge, An tOireachtas, Coláiste & Cumann na bhFiann, Glór na nGael agus Gaeloideachas.

Ar ndóigh, tá ardchaighdeán Gaeilge de dhíth más maith leat ról le ceann de na ceanneagraíochtaí a bhaint amach.

Oideachas #

Naíonraí

Comhar Naíonraí na Gaeltachta

Is iomaí naíonra atá ar an bhfód sa lá atá inniu ann ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide. Bíonn éagsúlacht fostaithe á lorg acu, go mór mór ag tús na scoilbhliana, idir chúntóirí, cheannairí ar sheomraí agus bhainisteoirí. Bíonn cáilíocht i gCúram Leanaí de dhíth d’fhormhór na ról.

Sa Ghaeltacht, is iad Comhar Naíonraí na Gaeltachta an soláthraí seirbhíse luathbhlianta is aitheanta. Cuireann Gaeloideachas liosta de na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ar fáil.

Scoileanna & colaistí samhraidh

Tá eolas faoi Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil ó An Foras Pátrúnachta, chomh maith le folúntais san earnáil chéanna. Gheobhaidh tú folúntais mar iad ar educationposts.ie freisin.

Bíonn coláistí samhraidh ag earcú múinteoirí gach samhradh.

Ollscoileanna

Bíonn ollúna, léachtóirí, comhordaitheoirí, cúntóirí agus comhaltaí taighde á lorg go minic ag na hollscoileanna seo: Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Luimnigh, agus Institiúid Oideachais Marino.

Is fiú dul i dteagmháil le haon choláiste a sholáthraíonn cúrsaí le Gaeilge nó ina bhfuil aonad Gaeilge.

Deiseanna eile

Ina theannta na múinteoireachta, bíonn poist ar fáil freisin i réimsí tacaíochta agus taighde san oideachas, mar shampla le Foras Taighde ar Oideachas, Gaeloideachas, COGG, agus Comhairle na Gaelscolaíochta.

Eagraíochtaí pobail #

Coistí pleanála teanga

Conamara Láir

Faoi láthair tá 26 Limistéar Phleanála Teanga fud fad na nGaeltachtaí in Éirinn, agus thart ar 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta. Bíonn coiste pleanála teanga i gceannas ar fheidhmiú agus ar ghníomhú an plean teanga atá leagtha síos don cheantar/bhaile atá i gceist. Mar sin, bíonn fostaithe á lorg ag na coistí ar mhaithe leis an bplean a chur i bhfeidhm agus leis an nGaeilge a chur chun cinn sa cheantar trí chéile.

Is ar bhonn minice go mbíonn oifigigh phleanála teanga á lorg leis an obair thábhachtach seo a dhéanamh.

Chomh maith leis na hoifigigh sin, uaireanta bíonn deiseanna sna líonraí Gaeilge. Is Líonra Gaeilge áit taobh amuigh de na Gaeltachtaí atá ag cur an Ghaeilge chun cinn go háitiúil.

Ionaid cultúrtha áitiúla

Tá níos mó ná 50 lárionad Gaeilge ann anois agus bíonn siad ag lorg oifigigh agus cúntóirí agus riarthóirí go minic. Bíonn cuid acu le naíonraí ag lorg ball foirne don naíonra, agus múinteoirí, má bhíonn siad ag cur ranganna ar siúl.

Na Meáin & na hEalaíona #

Is iad RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Fíbín Media (uaireanta ag comhoibriú leis An Taibhdhearc), IMRAM agus NemetonTV na fostóirí is mó in earnáil na meáin.

Chomh maith leis sin, bíonn deiseanna ann i gcónaí dul ag obair ar bhonn deonach le Raidió na Life, Raidió Fáilte, agus Raidió Rí-Rá.

Bíonn folúntais le Gaeilge go minic ag An Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus An Taibhdhearc, mar a luadh thuas.

Comhlachtaí príobháideacha #

Seachas na cinn a luaitear thuas, tá roinnt comhlachtaí príobháideacha in Éirinn eile a bhíonn i dteagmháil le muintir na Gaeltachta agus le daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Bíonn cainteoirí na teanga ag teastáil ó chuid acu le freastal ar an gcéatadán sin a bhíonn ag baint úsáid reatha as an nGaeilge. Is minic go ndéantar tagairt don Ghaeilge mar ‘bhuntáiste breise’ dóibh siúd a sheolann iarratas isteach, agus uaireanta bíonn an Ghaeilge ag teastáil más tionscnamh ar leith atá i gceist, leis an aistriúchán cuir i gcás.

Dar ndóigh, más múinteoir tú, bíonn comhlachtaí a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil ag lorg múinteoirí i gcónaí.

Sa Ghaeltacht, bíonn folúntais á bhfógairt ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta – cosúil le Viatris, Cambus Medical, Arán Ard Teo agus níos mó mar iad.

Eolas sa bhreis #

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta