Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bláithín Mhic Cana ag Amhránaithe an Chlub

|

Chuir Amhránaithe an Chlub fáilte roimh Bhláithín Mhic Cana agus í mar aoi acu Déardaoin seo caite, a bhuí le hOireachtas na Gaeilge.

Ó druideadh Club Chonradh na Gaeilge faoi choinne athchóirithe, is é Tigh Uí Bhruaidí ar Shráid Mhaoilbhríde i lár Bhaile Átha Cliath an áit a mbailíonn an grúpa achan mhí le hamhráin a rá agus a chluinstin. 

Chuala a raibh i láthair ó réimse amhránaithe ar an oíche, Bláithín ina measc. Labhair sí le Meon Eile faoin ghrúpa, faoina cuid amhránaíochta féin agus faoin bhéim a chuireann sí ar amhráin Oiriall. D’inis sí dúinn fosta faoin mhaoiniú atá faighte aici fríd Scéim Sparánachta an Oireachtais 2026 agus faoi na spriocanna atá aici leis an sparánacht seo.

Labhair Ellen Tuffy ó Choiste Amhránaithe an Chlub linn chomh maith. Mhínigh sí an tairbhe a bhaineann sí féin as na seisiúin mar dhuine atá ag foghlaim na Gaeilge.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta