Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ba cheart ‘An Odaisé’ de Brún a chur i gcló arís – scoláire Clasaicí

Ba cheart go gcuirfí aistriúchán “iontach” a rinneadh den Odaisé ón nGréigis go Gaeilge ar fáil do lucht léitheoireachta na Gaeilge arís, dar le scoláire Meiriceánach a bhfuil staidéar déanta aige ar an saothar.

D’aistrigh an Moinsíneoir Pádraig de Brún dán eipiciúil Hóiméar go Gaeilge sna 1940idí ach theip air fhoilsitheoir a aimsiú a bheadh sásta an saothar a chur i gcló. Fágadh an lámhscríbhinn gan foilsiú ar feadh beagnach leathchéad bliain go dtí gur chuir an tOllamh Ciarán Ó Coigligh eagar air agus d’fhoilsigh Coiscéim é in 1990. Tá an leabhar An Odaisé as cló le blianta fada anois, áfach, agus gan aon phlean ag Coiscéim é a chur amach arís.

Dúirt Richard Martin, scoláire Clasaicí as Ollscoil Stanford sna Stáit Aontaithe, le Tuairisc gurb é an trua nach raibh leagan de Brún ar fáil an samhradh seo agus The Odyssey Christopher Nolan sna pictiúrlanna mar go bhféadfaí teacht i dtír ar an spéis mhór atá á cur sa Ghaeilge i láthair na huaire.

“Dá ndéanfaidís athfhoilsiú air, d’fhéadfadh siad aistriúchán de Brún a chur ag seastán an ghráin rósta sna pictiúrlanna agus an pota óir a bhuachan mar gheall ar an spéis atá ag óige na hÉireann i ngach rud a bhaineann leis an nGaeilge ar na saolta seo,” a dúirt Martin, a scríobh an páipéar An Irish Odyssey: Tradition and Autofiction in Pádraig de Brún’s An Odaisé.

Tháinig an scoláire ar leagan de Brún agus é sa Chaifé Liteartha sa Daingean i 1991. Dúirt sé nach raibh a dhóthain spáis aige ina mhála don leabhar an uair sin, ach gur fhill sé ar an saothar nuair a bhí comhdháil faoi na Clasaicí agus Litríocht na hÉireann á reáchtáil in Ollscoil Notre Dame tamall de bhlianta ó shin.

“Tá an t-aistriúchán go maith, ach faraor beidh an margadh ann lena aghaidh níos lú ná mar a bheadh d’aistriúcháin go Béarla. Ach mar gheall go dtagann cultúr na hÉireann agus cultúr na Gréige le chéile ar an oiread sin bealaí, tá braistint nádúrtha sa leagan seo. Tuigeann muintir Iarthar na hÉireann feirmeacha, tuigeann siad an fharraige, tuigeann siad oileáin.

“Tá rud éigin á shníomh ón mbunleagan aníos tríd an aistriúchán isteach sa dearcadh a fhaightear in aistriúchán de Brún. Tá an traidisiún ársa seo, traidisiún ársa an laochais, ag an nGréig agus ag Éirinn araon, agus is féidir éachtaí Fhinn mhic Cumhaill agus Chú Chulainn a chur i gcomparáid le laochra na Sean-Ghréige,” a dúirt Martin.

Dúirt sé gur chabhraigh na cosúlachtaí sin leis an Athair de Brún agus an t-aistriúchán idir lámha aige mar gheall go bhfuil focail ghaolmhara sa Ghréigis agus sa Ghaeilge. Caomhnaíodh coincheapa Gréagacha trí na focail ghaolmhara sin sa leagan Gaeilge a rinne de Brún.

“Dhírigh mé féin ar an bhfocal ‘clú’ [ina pháipéar]. Is ionann é go díreach agus focal Sean-Ghréigise a chiallaíonn ‘cáil’ – kleos. Nuair a fheiceann tú ‘clú’ sa leagan Gaeilge, tá an splanc aitheantais seo ann. Ar ndóigh, bhí an Ghréigis ag de Brún ón oiliúint a fuair sé mar shagart ina óige. Mar sin, tá an iliomad sraitheanna ann nach bhfaighfí in aistriúchán Béarla.

“Tá lorg láidir fhilíocht na mbard, lorg an traidisiúin, lorg na gcúirteanna filíochta i gcúige Mumhan, san aistriúchán seo. Tá rudaí ann fiú a d’aithneofaí ó fhilíocht Uí Rathaille, agus tá sé sin ann mar gheall go raibh an fhilíocht Ghaeilge sin i gcaint laethúil na ndaoine fós,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur chuir de Brún na maslaí céanna a bhí i bhfilíocht Aogáin Uí Rathaille i mbéal na suiríoch atá ag iarraidh Péinealaipé a mhealladh, maslaí a bhí “fileata” cé gur ag caitheamh anuas ar Odaiséas a bhí siad.

De réir an tseanchais, chaith an Moinsíneoir Pádraig de Brún isteach is amach le deich mbliana i mbun an aistriúcháin, agus chuaigh sé i gcomhairle le muintir Dhún Chaoin sna 1930idí agus na 1940idí faoi na leaganacha Gaelainne a bhuailfeadh sé anuas ar bhun-Ghréigis Hóiméar.

“Tá an tsamhail álainn seo ann. Deireadh sé an tAifreann gach lá, ansin théadh sé ag scríobh, agus sa tráthnóna thagadh muintir na háite le chéile ina theach i nDún Chaoin agus léadh sé an t-aistriúchán os ard agus thugaidís a dtuairim. Dar liom féin, ní fhéadfaí dul níos gaire don chumadóireacht Hóiméarach – iarracht phobail, agus daoine ag moladh nathanna cainte agus focail a bhí acu féin, á gcur leis an scéal.

“Is dóigh liom go bhfaca [de Brún] a scáil féin sa phríomhcharachtar. An chéad líne, a bhfuil míchlú anois uirthi, chuir de Brún ‘iltréitheach’ ar Odaiséas. Agus bhí sé féin ‘iltréitheach’ – ollamh le matamaitic, teangeolaí, sagart, taidhleoir. Bhí sé ar a chompord i nDún Chaoin agus i nDún Laoghaire. Bhí Odaiséas ina leagan eile samhalta den aistritheoir,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur theastaigh ó de Brún go mbeadh an Odaisé “ina cuid de thraidisiún filíochta na hÉireann, cosúil le cúirteanna filíochta na Mumhan”, agus gur comharba é an t-aistriúchán a foilsíodh sna 1990idí ar iarrachtaí an scéal a thabhairt do mhuintir na hÉireann a bhí á ndéanamh leis na céadta blianta.

“Is scéal fada, thar a bheith spéisiúil, é an scéal faoin gcaoi ar tháinig Clasaicí na Gréigise agus na Laidine go hÉirinn. Tá téacs ann ón 13ú haois ina bhfuil leagan den Odaisé ann agus is mór an spórt é. Chuir siad i bhfad níos mó béime ar an madra a fhaigheann bás sa leagan sin, agus sin é an cineál ruda a fheiceann tú sa Táin – an-bhéim ar mhadraí agus tábhacht na madraí.

“Sna Meánaoiseanna bhí teagmháil níos mó ag na Gaeil leis an traidisiún Laidine, ach bhí an traidisiún Gréigise taobh thiar de sin. Fiú tar éis Bhriseadh na nGael sa 17ú haois, bhí na scéalta seo fós i dtraidisiún na cosmhuintire – daoine ag insint scéalta dá chéile ‘ar chualaís an ceann fén bhfear do bhí ar fán scór blianta?’,” a dúirt Martin.

Cé go maíonn daoine áirithe gur aistríodh leaganacha den scéal chomh fada siar leis an naoú haois, tá amhras ar Martin faoin maíomh sin. Dúirt sé gur áibhéil a bhí ann agus gur dócha go rabhthas ag iarraidh scéal Odaiséas a cheangal le scéal Bhréanainn.

Mhaígh sé gur téacs é An Odaisé is ceart do dhuine a léamh uair sa bhliain, is cuma cén teanga a léifidh sé inti é.

“Is faoi gach uile shórt é. Tá an chríonnacht seo ann, agus tráth a bhfuil an Intleacht Shaorga ag bagairt orainn agus daoine ag déanamh dia beag di, agus ag iarraidh go mbeadh sí ina dia, is frithbheart é An Odaisé. Athnuachan anama atá ina léamh,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfeilfeadh Clasaicí na Sean-Ghréige don drámaíocht raidió i nGaeilge agus go luífeadh an fhilíocht go han-deas leis an amhránaíocht ar an sean-nós. Dúirt sé go bhfuil “an oiread sin deiseanna” litríocht an tSean-Domhain a thabhairt go dtí pobal na Gaeilge.

Duine eile a bhí ag plé leis An Odaisé i nGaeilge ná an foilsitheoir agus an t-aistritheoir Darach Ó Scolaí. Chuir comhlacht foilsitheoireachta Uí Scolaí, Leabhar Breac, leagan do pháistí amach tamall de bhlianta ó shin mar chuid den tsraith leabhar pictiúr Clasaicí Beaga Bídeacha. Dúirt Ó Scolaí gur foilsíodh an leagan sin den scéal mar gur “theastaigh [uaidh] go mbeadh blaiseadh de na Clasaicí ag gasúir” agus go n-aithneodh an ghlúin óg “gur leo féin na Clasaicí”.

“Ba mhaith an rud é dá gcuirfí i gcló arís é, ach ní ceist éasca é. Tá sé deacair, má aistrítear An Odaisé díreach mar atá bheadh tábhacht leis an leagan sin ach ní bheadh an t-uafás léitheoirí i gceist. Níl a fhios agam cén bealach le déileáil leis sin. Fiú amháin i mBéarla tá sé deacair a léamh, agus fiú leagan [Emily] Wilson, ní bheadh go leor daoine in ann é a léamh agus a thuiscint,” a dúirt Ó Scolaí.

Dúirt sé gur chuir sé féin eolas ar shaothar Hóiméar trí leagan úrscéil a cuireadh in oiriúint do léitheoirí óga, leagan a foilsíodh i bhfoirm próis seachas véarsaíochta.

“Is dóigh nach bhfuil aon réiteach amháin ar fhoilsiú An Odaisé. Ba cheart go mbeadh leagan maith do scoláirí ar fáil, ach an t-aon bhealach a d’fhéadfaí é sin a dhéanamh ná scoláire a thógáil agus nótaí a chur le [leagan de Brún]. Bheadh obair ansin ach bheadh rud éigin nua, fiúntach, agat.

“Réiteach eile ná an scéal a inseacht i leagan próis agus é sin a chur inár láthair mar scéal do dhaoine fásta i nGaeilge a bheadh soléite agus nach gcloífeadh go hiomlán le struchtúr an dáin. An tríú réiteach ná leagan simplithe do dhéagóirí nó do pháistí a fhoilsiú,” a dúirt Ó Scolaí le Tuairisc.

Tá go leor leaganacha de sheanscéalta na hÉireann foilsithe ag Leabhar Breac le deich mbliana anuas, Táin Bó Cuailgne ina measc. Dúirt Ó Scolaí cé gur bhreá leis tabhairt faoi eagrán nua Gaeilge den Odaisé ach gi bhfuil “go leor leor le déanamh fós” leis an “tobar mór scéalta” atá i litríocht ársa na Gaeilge.

“B’fhéidir nach é An Odaisé an chéad rud a roghnóinn [le haistriú]. Tá an oiread le déanamh ó thaobh na Fiannaíochta agus na Rúraíochta de, tá tobar mór scéalta ann agus go leor leor le déanamh fós. Ní túisce ceann déanta ná tá leagan eile le déanamh,” a dúirt sé.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta