Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh ‘Clocha ar mo Phaidrín’

6 Deireadh Fómhair 2026
19:00 - 21:00
Conradh na Gaeilge, Caisleán an Bharraigh, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Éire

Seolfar ‘Clocha ar mo Phaidrín’ le Máirtín G. Ó Maicín ag an Wild Atlantic Words Festival i gCaisleán an Bharraigh ar an 6ú Deireadh Fómhair @ 7.00 pm. Seo an 3ú leabhar as Gaeilge ó Mháirtín ina bhfuil bailiúchán dá ailt a scríobh sé sa Connaught Telegraph agus i bhfoilsíúcháin eile le blianta beaga anuas. Is iontach an éagsúlacht ábhar atá clúdaithe aige. Tugann na hailt seo siar muid ar bhóithrín na smaointe. Tá ábhar ar fáil faoi chúrsaí reatha a thit amach le blianta anuas, faoi chúrsaí polaitíochta, faoi a ghrá don nádúr agus freisin tá sé sásta a mhothúcháin a léiriú i leith a chúrsaí pearsanta féin.

Bainfidh an léitheoir taitneamh as an eolas cruinn agus an taighde doimhin a léiríonn sé go deas reidh tríd na hailt go léir. Tá stíl scríbhneoireachta aige a mheallann idir óg is aosta agus tá an Ghaeilge líofa éasca a thuiscint don bhfoghlaimeoir freisin. Tagann na hailt as a chroí amach. Tugann sé le fios dúinn na fadhbanna iomadúla agus cora crua an tsaoil ach airíonn muid freisin an dóchas go bhféadfaí rudaí a chur ina gceart. Tá an gol agus an gáire agus ábhar machnaimh iontu.

Tá colún rialta i nGaeilge, Beo Go Deo, ag Máirtín sa Connaught Telegraph i gCaisleán an Bharraigh gach seachtain, gan bhriseadh, ó Samhain na bliana 1996 amach. Ciallaíonn sé sin uilig nach bhfuil colún ar bith eile i nGaeilge chomh fada sin, leis an údar céanna, i nuachtán áitiúil ar bith eile sa tír. Bunú TG4, nó TnaG mar a glaodh air ag an am, a bhí díreach seolta a bhí faoi chaibidil aige sa chéad cholún a fhoilsíodh.

Is é Jim Higgins, iar TD agus iar MEP, a dhéanfas an seoladh. Beidh fáilte is fiche roimh dhuine ar bith a bhfuil suim acu sa Ghaeilge ag an seoladh. Tá ‘Clocha ar mo Phaidrín’ á fhoilsiú ag Mayo Books Press

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Togra Mhaigh Eo

Seoladh ‘Clocha ar mo Phaidrín’
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta