Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

SexyTadhg (le tacaíocht Scol)

28 Deireadh Fómhair 2026
20:00 - 23:30
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

Léiríonn Tadhg Griffin, an fórsa ollásach taobh thiar de SexyTadhg, fuinneamh gríosaitheach atá i ndiaidh é a bhunú mar réalta gheal sa cheol in Éirinn. Mar Ghaeilgeoir bródúil, cuireann Tadhg dearcadh cumhachtach aiteach fríd a chuid oibre fosta, ag léiriú áilleacht an chultúir Ghaelaigh trí lionsa comhaimseartha. Tá guth cumhachtach agus ardscileanna pianó Thaidhg i ndiaidh lucht féachana idirnáisiúnta a chur faoi dhraíocht, agus ardaíonn a sheó mórthaibhseach banna mhóir caighdeán ceoil na hÉireann go leibhéil níos airde ná riamh.

Óna thuras ceannlíne díolta amach, le dátaí in The Academy (Baile Átha Cliath), Wave Length (Corcaigh) agus Folklore (Londain), ag tacú le The Mary Wallopers ar a dturas 18 ndáta sa Ríocht Aontaithe in ionaid cháiliúla ar nós The O2 Brixton Academy (Londain) agus The O2 Apollo (Manchain), chomh maith lena sheónna ollmhóra faoin aer i bPáirc Fhionnradhairc (Baile Átha Cliath), The Marquee (Corcaigh), The Big Top (Gaillimh) agus BIIRD i Sráid an Bhiocáire (Baile Átha Cliath), bhí sluaite i bhfad agus i gcéin faoi dhraíocht ag SexyTadhg in 2025. Is fearr aithne air ó léirithe inchuimhne, é ag seinm do na mílte ag féilte leithéid All Together Now, Electric Picnic, Beyond The Pale, Other Voices Dingle agus Other Voices Cardigan.

Is minic a dhéantar comparáid idir a léirithe agus réaltaí mór le rá ar nós David Bowie, Elton John, Lady Gaga agus Freddie Mercury, ach fíonn SexyTadhg go healaíonta an phearsantacht ollásach seo le lúcháir spreagúil an cheoil tíre thraidisiúnta Ghaelaigh agus insintí pearsanta a phléann téamaí a bhaineann le hinscne, gnéasacht agus meabhairshláinte.

Tá Scol ann idir fallaingeacha a dtionchar, agus tá curtha ina leith go bhfuil a bhfuaim cosúil le: “Túirne ama; d’fhuaimeanna idir shean agus nua.”

Chuir Scol síos orthu féin mar “leanbh naofa, chomh caoin agus séimh.

https://tinyurl.com/yc7mzp4p

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cultúrlann Uí Chanáin

Ionad imeachta

  • 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
SexyTadhg (le tacaíocht Scol)
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta