“No Kings?” Bunchloch agus mana Stáit Aontaithe Mheiriceá 1776 – 2026
Soláistí…Doras: €15.00 | Seanóirí/Déagóirí €10.00
An Dr Úna Ní Bhroiméil
Luimníoch agus Léachtóir Emeritus i Roinn na Staire, Coláiste Mhuire Gan Smál isea an Dr Úna Ní Bhroiméil.
Is ar Stair Mheiriceá agus Stair na nGael Mheiriceánacha is mó a dhírigh Úna a cuid taighde.
D’fhoilsigh sí leabhar acadúil clúiteach “Building Irish Identity in America, 1870-1915.’ Dhéin sí anailís ar chartúin Pholaitiúla roimh an gCéad Chogadh Domhanda, go háirithe na híomhánna a bhain le “John Bull.”
Tá taighde déanta aici ar an bpatrún ealaíne agus dlíodóir John Quinn a chabhraigh le daoine mar WB Yeats agus James Joyce.
Thaistil Úna go Meiriceá agus ar fud Mheiriceá go minic lena taighde a dhéanamh, go Comhdhálacha, Cumann staire áitiúla, agus bronnadh Phd uirthi ag Ollscoil Lehlig gar do Pennsylvania.
Scríobhann sí ailt i nGaeilge ar ábhair Staire agus glacann sí páirt go minic i gcláir Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.
Bronnadh comhaltacht shinsearach uirthi ó Gilder Lehr Man Institute, Nua Eabhrac chun staidéar dhéanamh ar John Quinn agus tá leabhar idir lámha aici faoi láthair.
Ionad imeachta
- 50 Sráid an Phiarsaigh, An tAonach, Éire

