Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

IMRAM 2026: MÓRLÉAMH FICSIN / GALA FICTION READING

15 Samhain 2026
15:00 - 16:00
Books Upstairs, 17, Sráid D'Olier, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 WN62, Éire

Úrscéalaí, file, gearrscéalaí, drámadóir, staraí, agus aistritheoir é Micheál Ó Conghaile, agus duine de mhórphearsana na litríochta comhaimseartha. Ar chuid de na saothair atá foilsithe aige tá An Fear a Phléasc, Sna Fir, agus Sa Teach Seo Anocht. Ag scríobh faoina úrscéal nua, An Bhlaosc sa mBois, dúirt Pádraig Ó Siadhail: ‘Is saothar cumhachtach den scoth é ina n-insítear an scéal go healaíonta cumasach, gan puinn maoithneachais ag baint leis’. Ina léirmheas ar an úrscéal teannais Sí le Seán Ó Muireagáin, dúirt Gearóidín Nic Carthaigh: ‘Stíl scríbhneoireachta ana-sholéite agus ana-tharraingteach atá sa leabhar tríd síos’. Tá cáil ar Anna Heussaff as a cuid úrscéalta spreagúla, snasta. Ainmníodh Sa Pholl Báite, an ceathrú mistéir bhleachtaireachta léi do léitheoirí fásta, ar an ngearrliosta do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana/Irish Book Awards 2023.  Tá na lárcharachtair chéanna ann is atá in Bás Tobann, Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin.

Micheál Ó Conghaile is one of the most fearless writers in Irish literature. His latest novel, An Bhlaosc sa mBois examines the dark corners of the Irish psyche regarding the mother and baby homes scandal. Seán Ó Muireagáin is a novelist, poet, short story writer and singer. His work ranges from the surreal science fiction of the short story collection Bádh B’fhéidir to his page-turning thriller Sí. Anna Heussaff is acclaimed for her fast-paced contemporary fiction. Sa Pholl Báite, her fourth crime novel, was shortlisted for An Post’s Irish Language Fiction Book of the Year in 2023. Fear an tí is Cathal Póirtéir.

Cead isteach/Admission: €10

Booking: Ticéid Anseo

Tuilleadh eolais.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: IMRAM 2026
Ríomhphost: eolas@imram.ie

Ionad imeachta

  • 17, Sráid D'Olier, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 WN62, Éire
IMRAM 2026: MÓRLÉAMH FICSIN / GALA FICTION READING
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta