Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fóram Gairmeacha Teanga le Parlaimint na hEorpa: Gaillimh

14 Deireadh Fómhair 2026
10:00 - 12:30
Ollscoil na Gaillimhe, Bóthar Na hOllscoile, Cathair na Gaillimhe, H91 TK33, Éire

An bhfuil suim agat i ngairm bheatha idirnáisiúnta a chomhcheanglaíonn do chuid scileanna teanga le hobair thábhachtach san Aontas Eorpach?

Bí linn in Ollscoil na Gaillimhe Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair, le haghaidh Fhóram Gairmeacha Teanga, atá á eagrú ag Seirbhís Aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa. Tá an t-imeacht seo dírithe go sonrach ar ghairmithe teanga agus ar mhic léinn le Gaeilge nó le Béarla – aistritheoirí, eagarthóirí, agus saineolaithe teanga.

Beidh deis agat bualadh lenár nArd-Stiúrthóir agus lenár gCinn Aonaid, páirt a ghlacadh i gceardlanna praiticiúla san aistriúchán agus sa Teanga Shoiléir, agus tuilleadh a fhoghlaim faoi thréimhsí oiliúna agus faoi chonairí gairme i bParlaimint na hEorpa.

Dáta: Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair
Áit: Seomra MY127 (Amharclann Léachta 3), Ollscoil na Gaillimhe
Eolas agus Clárú: Anseo

Bí linn agus faigh amach cá bhféadfadh do scileanna teanga tú a thabhairt!

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Parlaimint na hEorpa

Ionad imeachta

  • Bóthar Na hOllscoile, Cathair na Gaillimhe, H91 TK33, Éire
Fóram Gairmeacha Teanga le Parlaimint na hEorpa: Gaillimh
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta