Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile na bPuiteachaí

18 Meán Fómhair 2026
18:00 - 23:00
Teach Synge, Inis Meáin, Éire

Sméara dubha, caoladóireacht agus iomaíocht ghéar don fhata is mó: Filleann Féile na bPuiteachaí ar Inis Meáin

Fillfidh Féile na bPuiteachaí, féile a dhéanann ceiliúradh ar sméara dubha agus ar phobal Inis Meáin, ar an oileán an deireadh seachtaine seo chugainn, Dé hAoine 18 agus Dé Sathairn 19 Meán Fómhair, don chúigiú bliain as a chéile.

Cuirfear tús leis an bhféile, atá ainmnithe i ndiaidh an fhocail a úsáidtear go háitiúil in Inis Meáin do na sméara dubha, “puiteachaí”, tráthnóna Dé hAoine le hOíche Bhothántaíochta. Déanfar turas ó theach go teach timpeall ar an oileán mar chuid den ócáid, a thiteann ar an Oíche Chultúir.

Beidh an scéalaíocht agus an seanchas fite fuaite tríd an oíche; cuirfidh an seanchaí Máirín Mhic Lochlainn as Ros a’ Mhíl tús leis an ócáid agus í i mbun scéalaíochta i dTeach Synge, áit a d’fhanfadh scéalaí aitheanta eile, an drámadóir J.M. Synge, agus eisean ar cuairt ar an oileán fadó. Sa chéad teach eile, beidh seisiún idirghníomhach á stiúradh ag bunaitheoir na féile, Aedín Ní Thiarnaigh, ina mbeidh deis ag an lucht freastail subh mhilis a dhéanamh le puiteachaí blasta Inis Meáin agus seanchas an fhómhair a chíoradh ag an am céanna.

Tosóidh ócáidí Dé Sathairn ag meán lae ag Halla Naomh Eoin le Parkrun 5km feadh bhóithre an oileáin (fáilte roimh shiúlóirí agus roimh reathaithe araon). Cuirfear tús le Tae na Féile ag an am céanna; féasta lóin agus cácaí milse ar €10 an duine. Faoi 13:00 beidh deis ag gasúir agus daoine fásta araon ealaín a dhéanamh le fataí Inis Meáin ag ‘Ealaín le Fataí’, agus beidh Siúlóid Dúlra ar siúl inar féidir le daoine puiteachaí a bhaint agus a bhlaiseadh, agus a bheith ag foghlaim faoi phlandaí fiáine an fhómhair.

Ar a 14:00 líonfaidh Margadh na Féile an halla le healaín, leis an gceardaíocht agus le bia déanta sa bhaile, agus socrófar an halla do phríomhimeachtaí an lae a thosóidh ar a 15:00 – An Comórtas Bácála agus an Comórtas don Fhata is Mó. Tabharfaidh na hiomaitheoirí idir mhilseoga blasta atá déanta le puiteachaí agus fataí móra toirtiúla chuig an halla agus bronnfar na duaiseanna ar na buaiteoirí don chéad, don dara agus don tríú háit. Tá an Comórtas Bácála urraithe ag Cniotáil Inis Meáin agus an Comórtas don Fhata is mó urraithe ag Siopa Ruaidhrí Beag, Inis Meáin. Ní mór na hiontrálacha a chlárú sa halla idir 11:30 agus 14:30.

Is ócáid nua í an Cheardlann Chaoladóireachta ar an gclár i mbliana a thosóidh ar a 16:30 ina bpléifear traidisiún na caoladóireachta le driseacha in Inis Meáin, agus taispeánfaidh ceardaí áitiúil do na rannpháirtithe cén chaoi le hábhar a chruthú as driseacha. Tá líon teoranta áiteanna ann don cheardlann seo; tá ticéid ar fáil anois ag www.inismeainbeo.ie/events.

Agus an ghrian ag dul faoi, bogfaidh an fhéile go dtí Teach Ósta Inis Meáin, áit a mbeidh Banna West Wind Trad ar an urlár le haghaidh ceol beo ó 21:30 (ócáid 18+).

“Ní na puiteachaí amháin atá á gceiliúradh againn, ach saibhreas an oileáin ó thaobh an chultúir agus ó thaobh an dúlra de”, arsa bunaitheoir na féile Aedín Ní Thiarnaigh. “Déanann muid iarracht chuile bhliain scileanna an phobail a shníomh isteach sa bhféile. Tá muid ar bís go háirithe mar sin i mbliana an cheardlann chaoladóireacht driseacha a bheith ar an gclár. Is ceird í seo a bhíodh coitianta in Inis Meáin uair amháin, ba bhreá linn ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht sin agus í a choinneáil beo.”

“Gach bliain, téann sé i bhfeidhm go mór orainn, líon na ndaoine ón oileán a thagann le chéile – na bácálaithe, na daoine a thugann na fataí isteach, na daoine a ghlacann bord ag an margadh, agus na hoibrithe deonacha a thacaíonn leis an bhféile. Sin é atá i gcroílár na féile i ndáiríre: gach duine a thabhairt le chéile agus an pobal a cheiliúradh. Ba bhreá linn dá dtabharfadh an oiread daoine agus is féidir cáca, fata, nó díreach iad féin chuig an halla Dé Sathairn,” a dúirt Gráinne Ní Chonghaile, comhstiúrthóir na féile.

Faigheann Féile na bPuiteachaí tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Pleanáil Teanga Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin agus Údarás na Gaeltachta.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Féile na bPuiteachaí

Ionad imeachta

  • Inis Meáin, Éire
Féile na bPuiteachaí
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta