Tionól Forbartha 2026
Beidh Tionól Forbartha 2026 ar siúl in Óstán Slieve Russell ar an 13 Samhain 2026. Is é an Tionól Forbartha comhdháil bhliantúil oideachais is mó in Éirinn atá dírithe ar shainriachtanais oiliúna agus forbartha na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta uile sa tír.
Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo agus buail le múinteoirí, príomhoidí, taighdeoirí agus comhghleacaithe eile atá ag ag obair san earnáil le saincheisteanna a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge a phlé; dea-chleachtais a mhalartú; foghlaim óna chéile; acmhainní nua a thriail; smaointe cruthaitheacha nua a fháil; agus líonrú le pobal leathan oideachasóirí, taighdeoirí, agus baill foirne eile.
Beidh Aonach na Seastán ann arís i mbliana agus neart eagraíochtaí is comhlachtaí oideachais agus Gaeilge i láthair leis na hacmhainní is seirbhísí tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil don earnáil a léiriú.

