Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Siúlóid Staire faoi Bhaile an Chinnéidigh le Aonghus Ó hAlmhain

18 Lúnasa 2026
19:00 - 20:00
Parkview Hotel, An Phríomhshráid, Baile an Chinnéidigh, A63 FX72, Éire

Cé nár bunaíodh Baile an Chinnéidigh go dtí an 17ú aois, nuair a tháinig Muintir Cinnéide, Gaeil a d’iompaigh go Eaglais na hÉireann, chun cinn, tá an ceantar stairiúil riamh anall. Tá sé i mbarúntacht an Chaisleáin Nua mar ar raibh eastát Ríoga a bhunaigh Rí Eoin “gan talamh”; (Jean sans Terre) san 12ú aois. Bhí sé ar teorainn an Pháil, agus na Branaigh agus na Tuathalaigh ag brú isteach i gcónaí, agus á ghabháil scaití. Níor déanadh contae de Chill Mhantáin go dtí 1606.

Bhí cath sa bhaile i 1798; agus tá baint ag an mbaile le Robert Monteith a thug gunnaí i dtír i gCill Comhghall i 1916 agus a gabhadh le Ruairí Mhic Easmainn. Tá cuimhneacháin agus iarsmaí a réanna seo le feiceáil sa bhaile nó gar dó. Taispeánfar na hiarsmaí seo le linn an turais agus tabharfar creatlach an scéil.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Craobh Bhaile an Chinnéidigh

Ionad imeachta

  • An Phríomhshráid, Baile an Chinnéidigh, A63 FX72, Éire
Siúlóid Staire faoi Bhaile an Chinnéidigh le Aonghus Ó hAlmhain
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta