Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scoraíocht na Cincíse

23 Bealtaine 2026
15:00 - 17:00
Baile Mhúirne, Baile Mhúirne, P12 FW30, Éire

Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Scoraíocht na Cincíse

3in, Dé Sathairn, 23 Bealtaine

Coláiste Íosagáin

Tionólfar teacht le chéile speisíalta den Dáimh Scoil le linn Fhéile Chincíse Bhaile Mhúirne chun ceiliúradh a dhéanamh ar nasc ar leith a bhí idir filí is amhránaithe Mhúscraí le Coláiste Íosagáin.

Bhíodh socraíochtaí ag leithéidí Dómhnall Ó Mulláin ‘An Poc Ar Buile’, Seán Eoghan Ó Suilleabháin ‘Táimse agus Máíre’ is An Suibhneach Meann ‘An Peidhleacán’, Proinsias Ó Ceallaigh agus go leor eile sa choláiste chun cuid de saíocht agus cultú® an cheantair a roinnt le na scoláirí a bhí ar lóistín ann.  Is ann a chuala Seán Ó Sé ‘An Poc Ar Buile’ á chanadh ag An Mullánach.

Beidh na socraíochtaí sin a dtabhairt chun cuimhne ag an ócáid seo agus an Choláiste ar oscail arís, fé bhrat Champas Íosagáin, ag an ócáid speisialta seo.  Fáilte roimh amhránaithe agus filí is pobal na Dáimh Scoile.

Táimíd ag fáil tacaíocht ó Phlean Teanga Mhúscraí fé choimirce Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Campas Íosagáin, Údarás na Gaeltachta agus  maoiniú ó #CisteSpreagtha Conradh na Gaeilge

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Ionad imeachta

  • Baile Mhúirne, P12 FW30, Éire
Scoraíocht na Cincíse
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta