Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

SAOIRSE

Inniu
20:00 - 22:00
Gach lá go dtí 26 Iúil 2026
An Taibhdhearc, An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, H91 E2V3, Ireland

Cuireann an Taibhdhearc an chéad taibhiú den cheoldráma SAOIRSE i láthair ón 10 – 26 Iúil mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Suite i nGaeltacht Chiarraí, is ceoldráma greannmhar, croíúil é SAOIRSE a cheiliúrann an chéadsearc agus an chéad bhriseadh croí.

Tugann teacht an chéad samhradh saoirse sceitimíní san aer. Tá Saoirse, Róisín agus Aoife ag streachailt le ceisteanna móra an tsaoil – Cé mise? Cé a ghoid mo dhíritheoir gruaige? Cad é an Modh Coinníollach fiú?

Pléann SAOIRSE saincheisteanna comhaimseartha atá roimh phobail Ghaeltachta inniu freisin; tionchar cíosanna ag ardú, úinéireacht dara tithe agus dúnadh féideartha an Choláiste. An bhféadfadh sé seo a bheith ar an gColáiste Samhraidh deireanach choíche?

Dátaí: 10 – 26 Iúil (Réamhléirithe 10 & 11 Iúil, Oíche Oscailte 13 Iúil)

Ticéid: €20 – €25 + táille áirithinte

Fad: 2 uair an chloig (thart ar) le briseadh

Rochtain ar an mBéarla ar fáil (fotheidil dhúnta) tríd an aip Sibrwd

Beidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) ar fáil ar an 25ú agus an 26ú Iúil.

Tuilleadh anseo

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Lorg Media

Ionad imeachta

  • An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, H91 E2V3, Ireland
SAOIRSE
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta