Péint, cúpla focal agus ól
31 Iúil 2026
19:00 - 21:00
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Is oíche réchúiseach shóisialta phéinteála agus bholgaim í Péint, Cúpla Focal & Ól, le steall de Ghaeilge caite isteach. Gan brú gan taithí de dhíth, ach greann maith, comhluadar agus cúpla focal Gaeilge nua ar feadh an bhealaigh!
Murar thóg tú scuab phéinte ó bhí tú ar scoil, nó mura bhfuil de Ghaeilge agat ach “Sláinte”, tá tú san áit cheart. Baineann sé seo uilig leis an ghreann.
Treorófar thú céim ar chéim le do shárshaothar féin a chruthú i suíomh réchúiseach, le ceol, gáire agus cúpla focal thall is abhus ar feadh an bhealaigh.
Ní rang Gaeilge é, agus is cinnte nach ceardlann ealaíne dháirire é, is oíche amuigh thaitneamhach atá ann a n-imeoidh tú uaithi le canbhás, miongháire agus frása nua nó dhó b’fhéidir. Beir greim ar do chairde, tabhair leat do chruthaitheacht agus bímis ag péinteáil
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Cultúrlann Uí Chanáin
Ríomhphost: eolas@culturlann.org
Guthán: +44 287 126 413 2
Ionad imeachta
- 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

