Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Oscailte Chlub Marcaíochta Capall Dheisceart Dhún na nGall do theag

9 Iúil 2026
10:00 - 15:00
Stracomer Stables, Bóthar Tullan Strand, Bun Dobhráin, F94 FA09, Éire

Soláthraíonn an t-imeacht seo deis uathúil do gach rannpháirtí páirt a ghlacadh i teiripe le capaill agus i marcaíocht capall trí mheán na Gaeilge. Beidh deis ag gach duine marcaíocht a dhéanamh agus spórt nua a fhoghlaim i dtimpeallacht thacúil, chuimsitheach agus lán-Ghaeilge.

Tá meascán de bhaill sa chlub, cuid acu líofa sa Ghaeilge agus cuid eile nach bhfuil aon Ghaeilge acu, agus cuirfidh an t-imeacht seo timpeallacht nádúrtha ar fáil chun an teanga a úsáid agus a fhorbairt go praiticiúil.

Tá sé mar aidhm againn baill nua a mhealladh agus deiseanna a chruthú do dhaoine sa phobal a mhothaíonn go bhféadfadh spóirt eile a bheith dorochtana dóibh, nó nach mbeadh deis acu riamh rochtain a fháil ar theiripe capall agus ar marcaíocht gan maoiniú mar seo.

Trí seo, osclófar doirse nua don Ghaeilge agus don spórt araon, agus neartófar rannpháirtíocht sa phobal áitiúil. Tá foireann láidir tacaíochta i gceist leis an imeacht, lena n-áirítear beirt bhainisteoirí imeachta (bean an tí), múinteoir Gaeilge iar-bhunscoile atá ar an gcoiste, agus múinteoir bunscoile freisin.

Cinntíonn an meascán seo go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge agus tacaíocht oideachasúil ar fáil ar feadh an imeachta, ag cur le foghlaim teanga agus le forbairt scileanna na rannpháirtithe go léir.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Club Marcaíochta na gCapall, Deisceart Dhún na nGall

Ionad imeachta

  • Bóthar Tullan Strand, Bun Dobhráin, F94 FA09, Éire
Lá Oscailte Chlub Marcaíochta Capall Dheisceart Dhún na nGall do theag
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta