Daonáireamh 1926 a fhiosrú: Léargas ar an nGaeilge
Bígí linn i Leabharlann Nás na Ríogh le haghaidh seisiún spéisiúil ina bhfiosrófar taifid stairiúla Dhaonáireamh 1926. Déanfaimid iniúchadh ar ár sinsir, foghlaimeoimid faoin saol a bhí ag na glúnta roimhe seo, agus cabhróimid leo siúd ar mhian leo eolas a fháil faoi/taithí a fháil ar úsáid shuíomh gréasáin an daonáirimh.
Breathnóimid freisin ar threochtaí agus ar staitisticí suimiúla ón daonáireamh, go háirithe maidir leis an nGaeilge agus pobal na Gaeilge. Pléifimid an t-athrú a tháinig ar líon na gcainteoirí Gaeilge i gcomparáid le daonáirimh roimhe sin agus an méid is féidir linn a fhoghlaim faoi shochaí na hÉireann ó na figiúirí sin.
Beidh deis ag rannpháirtithe a gcuid torthaí, scéalta teaghlaigh agus léargais a roinnt leis an ngrúpa. Cibé acu an bhfuil taithí agat ar ghinealas nó an bhfuil tú fiosrach faoi do shinsir féin, bheadh fáilte romhat.
Ionad imeachta
- An Phríomhshráid Thuaidh, An Nás Thiar, An Nás, W91 E1RT, Éire

