Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cérbh í Máire Ní Raghallaigh?

19 Lúnasa 2026
18:00 - 19:00
Leabharlann agus Ionad Cultúrtha Nás na Ríogh, An Phríomhshráid Thuaidh, An Nás Thiar, An Nás, W91 E1RT, Éire

Rugadh Máire Ní Raghallaigh i gcontae na Mí in 1867 agus d’aistrigh a muintir go contae Chill Dara agus í óg, áit a raibh cónaí uirthi ar feadh 30 bliain. Bhí ról lárnach aici i mbunú na chéad chraoibhe de Chonradh na Gaeilge i Nás na Ríogh i 1901 agus bhí sí ana ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge agus i ngluaiseacht na saoirse i gcoitinne. Is beag aitheantas atá faighte aici, áfach, don mhórobair a rinne sí ar son na tíre. Más mian leat tuilleadh a fháil amach fúithi agus a gaol le Pádraig Mac Piarais, bunú ghluaiseacht an Fháinne, a ról in 1916 agus a saol trí Ghaeilge bí linn i leabharlann Nás na Ríogh Dé Céadaoin an 19ú Lúnasa.
Is imeacht de chuid Sheachtaine na hOidhreachta é seo.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cill Dara le Gaelge

Ionad imeachta

  • An Phríomhshráid Thuaidh, An Nás Thiar, An Nás, W91 E1RT, Éire
Cérbh í Máire Ní Raghallaigh?
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta