SMIGSMIG
Déanann SMIGSMIG réimse úr-nua t-léinte galánta greannmhara Gaeilge, ag tabhairt deise do Ghaeil fud fad an domhain meangadh gáire a chur ar a n-aghaidheanna agus ‘cúpla focal’ ar a gcuid éadaí.
Do dhaoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu, téann cuir síos snasta spraíúil le gach dearadh ar an suíomh. Fosta tá éileamh á thaispeáint cheana féin sna Stáit Aontaithe don dearadh “Slán a Bhalla”, le híomhá d’uachtarán clúiteach taobh thiar de bhalla beag.
Is féidir le daoine léinte saincheaptha a fháil ó SMIGSMIG dá ghrúpa nó imeacht. Níl le déanamh ach ríomhphost a chur chugainn chun SPEISIALTEE a fháil deartha agus curtha i gcló go gasta.
Is í Louise Smith úinéir an chomhlachta agus tá sí lánsásta a cuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus an teanga a chur chun cinn i slí atá cruthaitheach, spraíúil agus sultmhar.
Suíomh
Iúr Cinn Trá, BT35 6PR, Tuaisceart na hÉireannslainte@smigsmig.com
https://siopaancarn.com/collections/all-designers-1/smig-smig