Sibéal Davitt
Is damhsóir agus cóiréagrafaí as Baile Átha Cliath Sibéal Davitt. Bhí tionchar ag an damhsa clasaiceach, comhaimseartha agus traidisúnta ‘sean-nósach’ ar a stíl damhsa aonair féin, stíleanna a d’fhoghlaim sí ó aois an-óg.
Sa bhliain 2009 bhuaigh Sibéal ‘Glas Vegas’ ar TG4 agus thaisteal sí go Las Vegas le damhsa a dhéanamh os comhair gníomhairí idirnáisiúnta talainne. I 2014 bhain sí MA sa Damhsa Comhaimseartha amach ag Ollscoil Luimnigh agus tá sí ag damhsa ar bhonn gairmiúil ó shin.
