Seachtain na Gaeilge
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain.
Bíonn an fhéile ar siúl ón 1ú-17ú Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.
Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge. Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!
Suíomh
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 X201, Éire+353 147 574 01
snag@cnag.ie
http://snag.ie/