Raidió Rí-Rá
Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge! Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, maraon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí! Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne ar ár suíomh, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce!
Tá sceideal lán le ceol, spraoi agus greann againn gach lá ar Raidió Rí-Rá agus bíonn an clár Top40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí Ó Dáibhín le cloisteáil freisin! Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Raidió Rí-Rá ar ár leathnach FB/Twitter nó Instagram! Ba bhreá linn cloisteáil uaibh!
Suíomh
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 X201, Éire+353 147 574 01
eolas@rrr.ie
http://www.rrr.ie/