Nemeton TV
Bhunaigh Irial Mac Murchú Nemeton i 1993 agus tá sé anois ar cheann de na comhlachtaí léirithe is mó sa tír. Léiríonn Nemeton níos mó ná 500 uair a’ chloig sa bhliain – cláracha spóirt, fáisnéise agus ábhar don idirlíon is mó. Soláthraíonn an comhlacht ábhar agus áiseanna do chraoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nós – TG4, RTÉ, BBC, Sky Sports, UTV, Channel 7 (san Astráil) agus Setanta. Is é an neart is mó atá againn ná ag léiriú cláracha spóirt agus eile do gach meán, ar gach ardán i slí nuálaíoch, Gaelach ar ard-chaighdeán.
Táimid lonnaithe sa Rinn i gContae Phort Láirge. Tá timpeall 50 duine fostaithe go lán-aimseartha agus bíonn suas le 100 duine eile ag obair linn go séasúrach nó go páirt-aimseartha. Ritheann Nemeton cúrsa Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse i bpáirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Údarás na Gaeltachta.