Lóistín Teach Hiúdaí Beag
Is teach é, Teach Hiudai Beag, a bhfuil oidhreacht an chúltúr Ghaelaigh le braithstin go láidir in achan choiscéim da dtug sé, le linn a bheatha atá fós ag análú go láidir.
Théid sé i bhfad siar, go dtí an dara leath den naoiú haois déag, is síbín a bhí ann ó thús amá. Bhí dlúthcheangal ag muintir na háite agus iascairí na n-oileán leis an teach tabhairne, rud a thugann go bhfuil oidhreacht shaibhir aige ó thaobh an bhéaloidis de.
Tá rian an dúchais agus an chúltúir le braithstin go laidir ó thaobh cruinneas Gaeilge na gcustaiméirí aitiúla agus custaiméirí eile nach hiad, agus gaol mhór ag lucht na sé condae leis an teach thar na mblianta. Tá siad mar dhlúthpháirt d’oidhreacht an tí.
Is teach é a bheir meas agus aitheantas de lucht na n–ealaíona, agus a fhianaise ar a mhinicí a fhreagraíonn lucht na healaíona an t-aitheantas sin tré leabharthaí filíochta, gearrscéalta agus dluthdhioscaí ceoil a lainseáil sa teach.
Is beag ceoltóir iomráiteach i gciorcail an cheoil traidisiúnta nar bhuail isteach sa teach seo agus munar bhuail, is cinnte gur chuala siad iomrá air.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
The hallmark of uniqueness in heritage and identity is evident in the levels of fluency of the Gaelic language amongst local and visiting patrons. Visitors from the 6 counties have always had a strong affinity with this public house and played an integral role in its cultural heritage.
It is a house that always respected and cultivated artistry, and this fact is reciprocated in the artists’ choosing of the house as a venue to launch books, literature, and music recordings. Many highly acclaimed national and international musicians have graced the floors of Teach Hiudai Beag.
Suíomh
An Bun Beag, Éire+353 759 531 016
eolas@thb.ie
https://www.facebook.com/p/Teach-Hi%C3%BAda%C3%AD-Beag-100057578764977/