Kelly Hood
Fáilte go Kelly Hood – rannóg na n-earraí tí agus na bpictiúr. Is ealaíontóir aitheanta grianghraf réalachais as Éirinn í Kelly a bhfuil gradaim buaite aici. Cruthaíonn sí a cuid pictiúr go grámhar ina stiúideo i gContae Chill Mhantáin agus seolann sí iad ar fud an domhain.
Tá tionchar ag an dúlra agus ag méithe na tuaithe ar a cuid dearaí. Agus í ina leanbh ag fás aníos i leithinis aoibhinn Chorca Dhuibhne, chaith sí uaireanta gan áireamh ag fánaíocht go sona sásta sna goirt, ag dul thar srutháin agus ag súgradh leis na hainmhithe ar fheirm a Mamó Mae. Bhí sí i gcónaí faoi dhraíocht ag an dúlra agus ag na hainmhithe.
“Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil an grá seo do na hainmhithe agus don tuath in Éirinn le fáil i mo chuid pictiúr. Tá mé cinnte go bhfuil pearsantacht dhifriúil ag gach ainmhí agus is é mian mo chroí é sin a chur in iúl go macánta.”
🥈 Bonn Airgid sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Suíomh
Goosebank Art Studio, An Príomhshráid, Cill Chomhghaill, Na Clocha Liatha, A63 R822, Éire+353 87 224 9200
kelly@kellyhood.com
https://kellyhood.com/