Inis Meáin Island Stays
Tá Inis Meáin Island Stays ina shuíomh uathúil suite ar Inis Meáin, ceann de thrí Oileán Árainn. Baineann an Bialann, ina bhfuil cáil domhanda agus gradaim bainte amach aige úsáid as có-ábhair ón oileán den chuid is mó. Ina measc, gliomacha agus portáin a ghabhann iascairí áitiúla i gcurrachaí, agus glasraí a fhástar ar an suíomh ag baint úsáid as feamainn ón gcladach áitiúil mar leasú.
Tá chúig seomra só le fanacht ann, le fuinneoga leanúnach ar 10 méadar ar fhad i ngach seomra só, agus radharc mór-thimpeall ar Inis Meáin, Cuan na Gaillimhe agus ar Chonnamara. San áireamh i ngach fanacht tá trealamh taiscéalaíochta d’Inis Meáin, rothair d’árd-chaighdeán “Cube”, binoculars de chuid “Steiner” agus slata iascaireachta i measc rudaí eile, chun cabhrú lenár n-aíonna an tírdhreach iontach a iniúchadh. Tá sé an-oiriúnach do dhaoine a bhíonn ar thóir suaimhneas agus a bhfuil grá acu don nádúr.