Gael Linn
Is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo.
Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta. Tá Gael Linn ar cheann den sé cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge san earnáil dheonach.
Sa chomhthéacs sin, is iad na mór-réimsí oibre ná: Oideachas in Earnáil an Bhéarla agus d’Aosaigh, agus Deiseanna Úsáide do Dhaltaí Scoile. Cuireann Gael Linn cursai Gaeilge ar fail do dhaoine óga agus fásta i mBaile Átha Cliath agus sa Ghaeltacht.
Tá catalóg cheoil thraidisiúnta den scoth ag an eagraíocht agus tá An Fáinne ar fáil leis.
Suíomh
35, Sráid An Dáma, Baile Átha Cliath, D02 FF66, Éire+353 167 512 00
eolas@gael-linn.ie
http://www.gael-linn.ie/