Féiríní Lámhdhéanta Dhún na nGall
Is trádálaí aonair mé agus tá gnó beag agam darb ainm Féiríní Lámhdhéanta Dhún na nGall. Déanaim buamaí folcadáin, salann folctha, stíméirí cithfholctha, leátáin céarach soighe srl. Is minic a iarrann custaiméirí orm ainmneacha páistí a chur ar mo bhuamaí folcadáin.
Ina theannta sin, déanaim teachtaireachtaí pearsanta, beannachtaí, paidreachra srl. a bhróidniú ar chiarsúir.
Tá mé lonnaithe i nGaoth Dobhair, croílár Ghaeltacht Dhún na nGall, agus tá mé ag foghlaim Gaeilge le cúpla bliain. Tá mé breá sásta comhfhreagras a dhéanamh le cliaint as Gaeilge.
Tá pacáistíocht Ghaeilge in úsáid agam sa Ghaeltacht Salann folctha – @ Siopa Áislann Rann na Feirste
Sonraí Teagmhála
Ar líne amháin
donegalhandmadetreats@gmail.com
www.etsy.com/ie/shop/DonegalHandmadeTreat agus www.showersteamers.ie/