Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Feeney’s Equestrian Centre

Is gnó clainne é Feeney’s Equestrian Centre atá suite 4 chiliméadar ó chathair na Gaillimhe. Cuireann muid ceachtanna marcaíochta ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta, á múineadh ag teagascóirí cáilithe.

Anuas ar sin, tá turais tríd tuath na Gaillimhe le radharcanna áille de chuan na Gaillimhe, den Bhoirinn agus de na hOileáin Árann. Má chuirtear iarratas isteach is féidir linn marcaíocht na trá a shocrú chomh maith. Tá Feeney’s Riding Centre ar an bhfód ó 1994. Is í sábháilteacht ár gcustaiméirí an chloch is mó ar ár bpaidrín agus déanann muid ár seacht ndícheall an capall is oiriúnaí a thabhairt do dhaoine.

Is cuid de Chumann Bhunaíochtaí Marcaíochta na hÉireann nó (AIRE) muid. Eagraíonn muid bealaí taistil go Gaillimh agus ar ais.

Feeney's Equestrian Centre is a family run business located 4 kilometers from Galway city. We offer riding lessons for children and adults, taught by qualified instructors.

Suíomh

Tóin na Brocaí, Páirc na Sceach, H91 WK25, Éire
+353 913 540 80
feeneysequestriancentregalway@gmail.com
https://www.feeneysequestriancentre.com/
Feeney’s Equestrian Centre
Á luchtú...
Cláraigh dár

Nuachtlitir Laethúil

ar ríomhphost nó ar WhatsApp.
Rogha de scéalta nuachta ó phríomhirisí na Gaeilge, imeachtaí, folúntais le Gaeilge agus go leor eile go luath gach maidin