Conradh na Gaeilge Bheirlín
Seo grúpa do chraobh Chonradh na Gaeilge i mBeirlín. Craobh is ea é seo d’Éireannaigh atá ina gcónaí i mBeirlín a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus do Ghearmáinigh agus daoine ó thíortha eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.
Eagraíonn an chraobh i mBerlin cruinnithe inar féidir le baill bualadh le chéile agus an teanga a labhairt le chéile, imeachtaí áirithe agus baint acu le cur chun cinn na teanga ar ndóigh. Má tá Gaeilgeoirí ag teacht chuig Beirlín agus ceisteanna acu mar gheall ar an gcathair nó má tá fonn orthu teach chuig na cruinnithe, is féidir leo teangmháil a dhéanamh linn. Chomh maith leis sin, má tá suim agat a bheith i do bhall sa chraobh i mBeirlín nó má tá tuilleadh eolais uait, ní miste duit dul i dteagmháil linn. Tá fáilte roimh chách!