Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair
Is leis na baill Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair. Is iad na baill na daoine a chuireann a gcoigiltis ann agus a fhaigheann iasachtaí uaidh – daoine cosúil leat féin – agus téann na díbhinní chun sochair dár mbaill.
Nuair a bheidh tú i do bhall linn agus coigiltis agat i gComhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, beidh tú ábalta leas a bhaint as ár rátaí córa ar iasachtaí agus ar choigiltis. Cuireann do choigiltis lenár gciste agus cuidíonn siad le baill eile den phobal.
Tá Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair anseo chun seirbhís a thabhairt dár mbaill, ní chun brabús a dhéanamh astu. Tugaimid aon ioncam breise ar ais dár mbaill trí dhíbhinní agus/nó úsáidimid é chun feabhas a chur ar na seirbhísí eile atá de dhíth ar ár mbaill.
Leanann Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair de thraidisiún Gaelach an chomhoibrithe, na féinchabhrach agus na forbartha pobail.
🥈 Bonn Airgid sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Suíomh
Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Éire+353 749 531 279
info@gaothdobhaircu.ie
http://gaothdobhaircu.ie/
