Cleamairí Ard Mhacha
Bíonn cur chun cinn na Gaeilge croí lárnach in achan ghné d’obair Chleamairí Ard Mhacha. Is ábhar bróid dúinn siamsaíocht d’ardchaighdeán agus taithí oideachasúil a sholáthar.
Is féidir linn seónna a dhéanamh go hiomlán trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach. Spreagann seónna s’againn rannpháirteachas agus tugtar deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid i dtimpeallacht spraíúil ina bhfuil tacaíocht le fáil.
Déanann muid an-obair sna Naíonraí, Naíscoileanna, bunscoileanna, meánscoileanna agus fiú san ollscoil.
Tacaíonn ár seónna le gach gné den churaclam agus cuirimid ina luí ar dhaltaí an craic a bhaineann leis an Ghaeilge agus nach don tseomra ranga amháin í.
Suíomh
c/o Aonach Mhacha 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG, Tuaisceart na hÉireann+44 750 096 053 0
info@armaghrhymers.com
https://armaghrhymers.com/
