An Siopa Gaeilge
Cheap muid An Siopa Gaeilge, atá lonnaithe ar champas Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, mar sheirbhís don fhoghlaimeoir, don mhúinteoir agus do gach duine a bhfuil suim acu i dteanga agus i gcultúr na hÉireann. Tá rogha fhairsing leabharthaí, ábhar ilmheán agus acmhainní teanga againn atá fóirsteanach do na grúpaí seo. Lena chois sin, is iomaí acmhainn atá againn do pháistí, idir leabharthaí agus chluichí.
Díríonn an rogha dlúthdhioscaí ceoil atá againn ar na ceoltóirí iontacha a bhíonn faoi thrácht ag Cairdeas na bhFidiléirí mar aon leo siúd a bhíonn i láthair gach bliain mar chuid den tsraith bhliantúil ceolchoirmeacha samhraidh a bhíonn á reáchtáil ag Oideas Gael.
Anuas ar na hábhair seo, níl sárú ar an oiread cártaí beannachta dátheangacha atá sa tSiopa, chomh maith le réimse leathan leabharthaí a bhaineann le stair na hÉireann, leis an tseandálaíocht, leis an cheol nó leis an timpeallacht. Tuigtear fosta go mbíonn An Siopa Gaeilge sásta cuidiú a thabhairt d’aon duine ar mian leo ábhar ealaíne, ábhar cniotála nó earraí lámhdhéanta ón cheantar Ghleann Cholm Cille a fháil.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Suíomh
Gleann Cholm Cille, F94 R94W, Éire+353 749 730 500
eolas@siopagaeilge.ie
https://www.siopagaeilge.ie/ga