Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Mangaire Siúlach

Rogha leathan de leabhair ar athdhíol – go leor acu as cló le fada agus gann dá bharr, go leor eile ar leath a luacha.

Úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht i ngach canúint; Éigse Oirghiall; Litríocht na gConallach – Séamas Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna, Tadhg Ó Rabhartaigh, Scéalta Johnny Shéamaisín, Seaghán Mhac Meanman, Seán Bán Mac Grianna, Seán ‘ac Fhionnlaoich, Pádraig Ó Gallchobhair (Muirghein), Séamus Ó Searcaigh, Fionn Mac Cumhaill, Eoghan Ó Colm 7rl.;

Saothar na nUltach – Séamas Mac Conmara, Seán Mac Maoláin, Séamus Ó Néill, Tarlach Ó hUid, Pádraig Uiséir 7rl.;

Leabhair don fhoghlaimeoir, leabhair do pháistí; Stair, Scoláireacht, Seanchas, Béaloideas agus na seanaistriúcháin a rinneadh don Gúm.

Ní iarraim de phléisiúr ach achainí speisialta ó chustaiméir leabhar annamh a aimsiú.

Irish-Language used bookseller.

Suíomh

Droim Beannchar, Iúr Chinn Trá, Tuaisceart na hÉireann
+44 748 769 893 2
seanrua1959@gmail.com
https://www.facebook.com/anmangairesiulach1
An Mangaire Siúlach
Á luchtú...
Cláraigh dár

Nuachtlitir Laethúil

ar ríomhphost nó ar WhatsApp.
Rogha de scéalta nuachta ó phríomhirisí na Gaeilge, imeachtaí, folúntais le Gaeilge agus go leor eile go luath gach maidin