An Garraí Glas
Fáilte go dtí an Garraí Glas!
Séard atá ins an Garraí Glas ná áit is féidir leat glasraí Úr, Orgánach a cheannach ar thaobh an príomhbhóthar anseo i gcroí Chonamara theas. Cuireann muid agus fásann muid ar an mbealach traidisiúnta a rinne ár ndaoine romhainn ins na hiomairí a bhí forleathan ins an iarthair le fada an lá. Ní úsáideann muid inneall ná ní chuireann muid suim in úsáid a bhaint as ola. Ní chuireann muid tada amach ar an talamh ach leasú ainmhithe agus feamainn ón gcladach.
Cuireann muid béim ar ábhar úr a thabhairt isteach i láimh an chustaiméara díreach as an ngarraí. Tá an talamh ins an clann ó cheannaigh mo sheanathair Coil Mhaidhc an ghabha, an suíomh chun cearta a bhunaigh céad blian ó shin. De réir a chéile cuireann muid leis an méid talún atá muid a shaothrú agus tá súil agam go mbeidh cuide agaibh in ann a theacht ar an aistear céanna seo linn.
Suíomh
Na Creagain, Indreabhán, H91 D26R, Éire+353 83 807 1113
aonghus48@hotmail.com
https://www.facebook.com/AnGarraiGlas/