Amatsu Therapy Cluain Dolcáin
Cad é Amatsu?
Teiripe fhisiceach éadrom is ea Amatsu. Déantar iarracht míchothromaíochtaí sa chorp a aithint agus a cheartú, pian a laghdú agus gluaiseacht choirp a fheabhsú.
Conas atá Amatsu éagsúil ó theiripí fisiceacha eile?
Tá Amatsu níos éadroime ná an-chuid teiripí fisiceacha eile. Dá bhrí sin, oireann an teiripe seo do raon leathan daoine: naíonáin óga agus daoine aosta mar aon le daoine a bhfuil airtríteas agus oistéapóróis orthu.
Teiripe iomlánaíoch atá ann. Ní dhírítear ar an áit a bhfuil an phian amháin, ach déantar iarracht teacht ar bhunchúis na péine tríd an gcorp iomlán a scrúdú.
An féidir le Amatsu cuidiú liomsa?
I measc na ngearán lenar féidir Amatsu a bheith ina chuidiú, áirítear:
– Pian/teannadh sna matáin, ailt, teannáin nó ballnaisc
– Pian sa mhuineál, sna guaillí nó sa droim
– Gualainn stromptha
– Sciaitíce
– Siondróm na conaire carpasaí
– Pian sna cromáin nó sna glúine
– Pian peilbheacha nó in íochtar an droma de bharr toirchis (i ndiaidh an chéad ráithe)
– Buinneáin
– Airtríteas (airtríteas réamatóideach san áireamh)
– Fadhbanna díleácha
– Tinnis cinn (áirítear pian a bhaineann le gnáthaimh fiacla)
– Brúchtadh
– Coiliceam/brúchtadh i naíonáin.
Tá muid ar Instagram mar @amatsu_clondalkin
Suíomh
Bóthar an Ullóird, Cluain Dolcáin, D22 E8C4, Éire+353 89 434 0846
clare@amatsu-clondalkin.ie
https://www.amatsu-clondalkin.ie/